506 rothar goidte i nGaillimh thar tréimhse 2 bhliana.

0
817
506 rothar goidte - Galway Daily

506 rothar a bhí goidte i nGaillimh thar tréimhse 2 bhliana de réir na figiúirí a d’fhoilsigh An Garda Síochána.

Tháinig Gaillimh sa ceathrú áit ar an liosta a d’fhoilsigh an Garda Síochána maidir leis an méid rothtar a bhí goidte mórthimpeall na tíre thar tréimhse 2 bhliana.

Bhí Baile Átha Cliath ar barr an liosta le 9,918 rothar goidte, 683 rothar goidte i Corcaigh, 646 i Luimneach agus ansin tháinig Gaillimh isteach le 506 rothar goidte.

Tá an Garda Síochána ag impí ar rothaithe chun a bheith níos cúramaí leis an rothar agus í a coimeád sábháilte trí glasáil a cur ar an rothar.

Táthar ag tabhairt an comhairle seo de bharr na figiúirí is déanaí ar thaispeán go raibh níos mó ná 14,000 rothar goidte ó 2016.

An méanchostas ar rothar goidte ná €510 agus is idir 8r.n agus 5i.n na h-amanta is coitianta a thárlaíonn sé. Tá sé fógartha gurb í an Aoine an lá is coitianta dóibh siúd a mbíonn ag goid na rothair.

Goidtear 52% do rothar ar na sráideanna poiblí agus 32% ó tithe.

Comhairle tugtha maidir le cosc coiriúl

  • Caith idir 10% agus 20% don luach ar do rothar ar dhá glasáil.
  • Cur do rothar fé glas ar oibiacht nach féidir bogadh.
  • Coiméad an glasáil ón dtalamh.
  • Tóg pictúir do do rothar, bíodh an sraithuimhir agat agus déan é a sheoladh chughat féin ionas go mbeidh cuntas agat air.
  • Chur do rothar fé glasáil istigh nó in áiteanna le soilsíocht maith más féidir.

Is féidir tuilleadh eolas a fháil faoi na rothar a raibh goidte mórthimpeall na tíre a fháil anseo.