Bronnadh Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2018

0
825
Gradaim Sheosaimh Uí Ógartaigh - Bronnadh Oíche

I gceann seachtaine beidh ócáid ar siúl le haghaidh bronnadh Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2018.

Beidh an ócáid ina ndeánfaí bronnadh Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh ar siúl sa Rockbarton Suite, in Óstán Bhóthar na Trá, An Phromanáid, Gaillimh, ó 6.30i.n. go dtí 8.30i.n., Déardaoin, 24 Bealtaine 2018

Ag an ócáid seo fógróidh Sean Kyne TD, Aire Stáit do Ghnóthaí Pobail, Achmhainní Nádúrthta agus Forbairt Dhigiteach,  buaiteoirí na gCatagóirí agus Buaiteoir Iomlán Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2018.

Chomh maith leis sin, don chéad uair riamh bronnfaidh an tAire Stáit, ‘Duais Aitheantais Pheadair Uí Fhlaithearta’ i gcomhair le ‘Fiontar & Scoil na Gaeilge’, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

Tá Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, Gradam Gnó Dátheangach na Gaillimhe ar an bhfód le sé bliana déag i mbliana. Tugann an Gradam seo aitheantas agus údar ceiliúrtha do ghnólachtaí agus d’eagraíochtaí i gcathair na Gaillimhe as an nGaeilge a úsáid ina ngnó ar bhonn laethúil.

Eagraíonn Gaillimh le Gaeilge Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh i gcomhar leis an Galway Advertiser agus le tacaíocht ó Chumann Tráchtála na Gaillimhe. Ainmníodh an Gradam in onóir an Uasail Seosamh Ó hÓgartaigh (nach maireann) ball bunaithe agus rúnaí cuideachta Ghaillimh le Gaeilge.

Ag preasócáid a bhí ar siúl i dTéatar Uí Chearbhalláin, Áras na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ag deireadh Mí Aibreán, d’fhógair Méara Cathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Pearce Flannery, na gnólachtaí atá ar Ghearrliosta Ghradaim Sheosaimh Uí Ógartaigh.

Seo a leanas Gearrliosta an Ghradaim, 2018:
Sa Chatagóir Miondíola, urraithe ag Galway Bay FM:
Siopa Milseán Aintín Néilí – An tSráid Ard, Corrib Shopping Centre – An Fhaice Mhór, KD Autoparts – An Baile Bán agus Siopa Leabhar & Dánlann Uí Chionnaithe Teo, Lios Bán.

Sa chatagóir Turasóireachta agus Fáilteachais, urraithe ag Fáilte Éireann:
56 Central – Sráid na Siopaí, Harbour Hotel – Sráid na nDuganna Nua agus The Connacht Hotel, Bóthar Bhaile Átha Cliath.

I gcatagóir na Seirbhísí, Urraithe ag Snap Galway:
Big O Taxis – An Fhaiche Mhór, Colm’s Life Pharmacy – Bóthar na Trá, Ionad Leighis Galvia West – An Taobh Thiar, Swaine Solicitors – Cnoc na Cathrach agus Sweeney Oil – Bóthar Áth Cinn.

I gcatagóir na gComhlachtaí Eile, urraithe ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge:
Baboró, International Arts Festival For Children – Bóthar na gCeannaithe, Galway City Business Association – Sráid San Prionsias agus iSupply – Bóthar na Mara.

Ag an preasócáid chéanna, sheol Uachtarán Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, Duais Aitheantais Pheadair Uí Fhlatharta thar ceann Bhord Stiúrtha Ghaillimh le Gaeilge agus i gcomhpháirtíocht le ‘Fiontar & Scoil na nGaeilge’, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Chliath.

B’é Peadar an chéad chathaoirleach agus ball bunaithe Ghaillimh le Gaeilge agus ba é a leag síos an bhunchloch d’fheidhmiú na heagraíochta.

Beidh an bronnadh do Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh ar siúl Déardaoin seo chughainn an 24ú Bealtaine.