‘BEO – Gaelach agus Bródúil’ ar ceal de bharr Stoirm Emma

0
1044

De bharr neamhchinnteacht leis an aimsir, go háirithe agus muid ag druidim i dtreo na deireadh seachtaine tógadh cinneadh inniu an Féile, ‘BEO – Gaelach agus Bródúil’, a cur ar ceal.

Do bhí an fhéile seo le bheith ar siúl ar an Satharn beag seo, an 3ú lá de Mí an Mhárta agus bheadh sí ar cheann dos na h-imeachtaí Gaeilge is mó riamh ar sráideanna Bhaile Átha Cliath.

Roimh tuairscí na droch h-aimsire do bhí an Comhairdaitheoir Bliain na Gaeilge, Síomha Ní Ruairc ag caint faoi BEO agus an tábhacht a bhaineann leis go háirithe agus an bhliain atá ann.

“Is lá céiliúradh é BEO. Taispeánaimid ár bród don teanga ar sráideanna Baile Átha Claith ar 3ú lá de Mí an Mhárta, a dúirt Ní Ruairc.

“Táimid ar bís go mbeidh an Uachtarán na hÉireann, Michael D. Ó hUigín á labhairt ar an lá. Táimid ag súil le lá iontach agus tá fáilte roimh cách ar an lá. Comh maith le seo sílim go tabharfaidh BEO deis dúinn na dúshlán a bhíonn fós os comhair an pobal teanga Gaeilge agus na ceantair Gaeltachta sa lá atá inniu ann a aibhsiú.”

Le cúpla seachtaine anuas d’eagraíodh busanna ó fad agus leithead na tíre chun taisteal go dtí an ardcathair le haghaidh an féile ollmhór.

Táthar buartha faoi sábháilteacht na sluaite agus iad ag taisteal ó bun agus barr na tíre, go háirithe mar is stoirm ollmhór atá tuartha. ‘An sioc ar buile’ atá ar fud na méan soisialta agus daoine ag fáil réidh do bhfuacht agus an sneachta atá tuartha. Bhí cúpla bus le teacht ó Gaillimh freisin ach ar ndóigh sé an rud cheart a bhí déanta ná é a cur ar athló.

Beartaíodh an dáta a athrú, go dtí an 14ú lá déag do Mí Aibreán agus súil ann go mbeidh an aimsir i bhfad níos i bhfearr faoin am sin.

É sin ráite tabhairfidh seo deis a thuilleadh daoine a thabhairt chun na cathrach, ag tacaíocht an teanga, agus an cultúr Gaelach.

Coiméadaigí bhur féin slán sábháilte an deireadh seachtaine seo.

Gan dabht beidh lá iontach le teacht i Mí Aibreán agus is féidir #GaeilgeBheo a úsáid agus sibh ag freastal ar an bhféile.