Imeachtaí sa Ghaillimh i rith Seachtain na Gaeilge

0
1182

Inniu deireadh Mí na Feabhra agus is cinnte gur i mbliana, tá Mí an Mhárta ag teacht chughainn go tiubh tapaidh lán do sneachta. Olc síon an sioc, is fearr sioc ná sneachta agus is fearr sneachta ná síorbháisteach. Mar sin ba chuma cé chomh olc is atá an sneachta faoi láthair mar go bhfuil ‘Seachtain na Gaeilge’ ag druidim níos congaraí dúinn leis an Féile ag tosnú amárach, Déardaoin, an chéad lá de Mí an Mhárta.

Is Féile Idirnáisiúnta d’ár dteanga dúchais agus cultúir a bhíonn ar siúl chuile bliain é ‘Seachtain na Gaeilge’, agus mhaireann sé ar feadh choicíse, chun deis a thabhairt do gach duine sult a bhaint as an dteanga.

Ba chuma más cainteoir líofa tú, foghlaimeoir tú nó más cúpla focail atá agat, beidh imeachtaí ar siúl ar fud na tíre chun céiliúradh a dhéanamh ar an teanga.

S’iad ambasadóirí ‘Seactain na Gaeilge’ 2018, ná Noel McGrath, imreoir iománaíocht le foireann Thiobrad Árainn, Caitlín Nic Aoidh, Láithreoir Aimsire le TG4 agus James Patrice, Réalt ollmhór na méansoisialta.

“Tá athas orm go bhfuilim mar ambasadóir ar an bhféile iontach seo. Tá dlúthbhaint idir an CLG agus an Ghaeilge agus táim ag súil leis an nGaeilge a chur chun cinn le linn Sheachtain na Gaeilge le Energia,” a dúirt McGrath.

Anseo sa Ghaillimh tá mórchuid do rudaí eagraithe don coicíse, chuid dóibh siúd ar súil in Ollscoil na hÉireann Gaillimh agus neart eile mórthimpeall an cathair.

Tá Cumann Gaelach OE Gaillimh ag chur tús leis na céiliúradh, amárach, Déardaoin ar champas áit a mbeidh Pop-Up Gaeltacht.

“Bígí linn ag céiliuradh seolta ‘Seachtain na Gaeilge’ i Sult ar champas, le Pop-Up Gaeltacht i rith an lae ar fad. Is féidir buaileadh isteach linn idir ranganna nó do phionta nó dhó ag deireadh an lae. Gaeilge agus craic i mbannaí.

Ar an 7ú lá de Mí an Mhárta beidh Bál na Gaeilge atá á reachtáil ag Cumann Gaelach OE Gaillimh ar siul.

“Bígí linn ag BÁL GAEILGE na bliana seo. Ní amháin go mbeidh fáiltiú puinse agus dinnéar 4 chúrsa againn, ach beidh both pictiúir, fíon don tábla, ceol, céilí, bannaí ceoil den chéad scoth ar nós… DYSANIA, agus i bhfad níos mó!! Bígí linn ar an 7ú lá Márta i rith Sheactain na Gaeilge, 7.00 i.n. sa Galway Bay don ócáid is fearr (agus is saoire) i OE Gaillimh. Ticéad ar fáil ón Socbox ón 8.2.18.”

Is féidir tuilleadh eolas a fháil faoi imeachtaí Seachtain na Gaeilge i gcomhar le Cumann Gaelach OE Gaillimh a fháil tríd an leathnach Facebook.

Taispéain bhur grá don teanga, agus téir amach leo siúd atá ag cur imeachtaí ar siúl nó eagraigh bhur rudaí féin. Beidh níos mó eolas faoi na h-ócáidí a mbeidh ar siúl i rith na coicíse agus iad ag teacht chughainn.