An tUachtarán Ó hUigínn le léacht a thabhairt in OÉ Gaillimh ar an nGaeilge

0
821
Uachtarán ó hUigínn ag freastal ar Seirbhís Comórtha an deireadh seachtaine seo

Is é Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn a thabharfaidh an príomhaitheasc ag siompóisiam faoi Chonradh na Gaeilge agus an Athbheochan a reachtálfar in OÉ Gaillimh Dé hAoine, an 15 Meitheamh.

Is é an siompósiam lae, ‘125 Bliain ag Fás – An Athbheochan agus Conradh na Gaeilge,’ príomhócáid na hOllscoile le haghaidh Bhliain na Gaeilge atá ag céiliúradh 125 bliain ó bunaíodh an Conradh.

Céiliúradh atá san ócáid seo chomh maith mar an gcinneadh a rinne Conradh na Gaeilge in 2017 a chartlann a chur i dtaisce in OÉ Gaillimh.

Le déanaí ceapadh cartlannaí chun an chartlann a chatalógú agus le digitiú a dhéanamh ar chuid den ábhar.

Dúirt an Dr John Walsh, Léachtóir Sinsireach le Gaeilge agus fear eagair an tsiompóisiam:

“Ag an ócáid seo, léifear páipéir ar réimse téamaí taighde a bhfuil baint acu le 125 bliain den Athbheochan.

“Labhróidh taighdeoirí agus pearsana poiblí iomráiteacha eile faoin téama seo agus tarraingeoidh siad aird ar na deiseanna iontacha taighde a eascraíonn as cartlann an Chonartha.”

“Achmhainn ríluachmhar teagaisc agus taighde atá i gcartlann Chonradh na Gaeilge agus cuireann sí go mór leis na bailiúcháin thábhachtacha Ghaeilge ata ag an Ollscoil cheana”, a dúirt Leabharlannaí Shéamais Uí Argadáin, John Cox.

Ag labhairt faoin siompóisiam seo, dúirt Uachtarán OÉ Gaillimh, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh:

“Tá an Ghaeilge uathúil agus thar a bheith tábhachtach do mhisean agus d’eiteas OÉ Gaillimh, dár n-oidhreacht agus dár gceantar máguaird.

“Trí chartlann Chonradh na Gaeilge a choinneáil faoi iontaobhas anseo do scoláirí agus do phobal na hÉireann, beidh an Ollscoil seo ina caomhnóir ar chuid thábhachtach de stair ár dteanga.

“Táimid bródúil é seo a dhéanamh agus táimid ag tnúth leis na peirspictíochtaí nua a chuifidh an chartlann ar fáil do léann idirnáisiúnta.

“Is cuid thábhachtach de Bhliain na Gaeilge é an siompóisiam, bliain atá ag déanamh céiliúradh ar 125 bliain ó bunaíodh Conradh na Gaeilge agus cuirfidh sé ar chumas scoláirí agus lucht déanta polasaí teanga a machnamh a dhéanamh ar fhorbairt na teanga le céad bliain anuas agus iad ag breathnú san am céanna ar thodhchaí na Gaeilge.”

Dúirt an Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Tá ríméad orainn i gConradh na Gaeilge go bhfuil ár gcartlann á cur i dtaisce go buan in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

“Creideann muid go dtiocfaidh deiseanna rialta chun cinn le hábhar na cartlainne a úsáid agus táimid ag súil leis an gcéad deis sin ag an siompóisiam lae a bheidh á reachtáil ag an Ollscoil agus ag an gConradh ar an 15 Meitheamh.”

Tá an siompóisiam lae seo á reachtáil ag Leabharlann Shéamais Uí Argadáin, ag Roinn na Gaeilge agus ag Conradh na Gaeilge. Níl aon chostas air ach is gá clárú faoin 8 Meitheamh. Tá breis eolais ar fáil anseo.