An Gaillimh ar cheann dos na Cathracha is Cáirdiúla sa Domhain

0
819
galway daily news Leading scholars to build irish language plan for Galway city

An tseachtain seo fógraíodh gur votáileadh an Gaillimh mar cheann dos na cathracha is cáirdiúla sa domhain.

Tháinig seo chun cinn nuair a foilsíodh an Conde Nast Traveler na torthaí ós na léitheoirí don iris agus b’í an Gaillimh a tháinig sa cúigiú áit.

Ceann dos na rudaí a ndúirt iad siúd a chaith vóta faoin nGaillimh, ná go gcuirfinn Muintir na Gaillimhe fáilte roimh chuile duine ar an toirt.

Rud a ndúirt an iris ná go bhfanann iad siúd a mbíonn ag dul tríd an nGaillimh ar feadh lá nó dhó ag greamú gar dos na sráideanna dhoirneogach agus iad ag tógaint isteach an ailtireacht ar fad fiú muna bhíonn sin sa phlean acu ón dtús.

Tugann an iris comhairle dos na turasóirí a chuid laethanta a chaitheamh thíos ag An Póirse Caoch agus an Cladach agus na istoíche ansin a chuid ama a chaitheamh ag ól Guinness leis na sluaite cáirdiúl.

Tugadh faoi ndeara san iris freisin cé chomh gar is atá an Gaillimh le Conamara agus na hOileáin Árainn a bhíonn mar cheann scríbe iomráiteach dos na turasóirí idirnáisiúnta a thagann ar cuairt anseo go hÉireann.

Ní hé Cathair na Gaillimhe amháin a d’aimsigh amach spota ar an liosta dos na cathracha is cáirdiúla ar domhain mar vótáileadh Corcaigh mar an triú cathair is cáirdiúl sa domhain agus tháinig Baile Átha Cliath isteach san ochtú áit.