‘An Béal Beo’ ar siúl am lón inniu in Ollscoil na hÉireann Gaillimh

0
1082
Galway Daily news International Criminal Court Chief Prosecutor

Beidh ‘An Béal Beo’ ar siúl ag am lón in Ollscoil na hÉireann Gaillimh; ócáid saor in aisce é a bheas ar siúl mar chuid den Taibhdhearc@90.

Beidh ‘An Béal Beo’ mar chuid den Taibhdhearc@90 i gcomhar le Arts in Action, OÉG ar siúl inniu Dé Céadaoin 7ú Samhain.

Is ins an Ionad Uí Dhonnchadha don Drámaíocht, an Amharclannaíocht agus an Taibhléiriú in Ollscoil na hÉireann Gaillimh a bheas ‘An Béal Beo’ ar siúl inniu Dé Céadaoin 7ú Samhain idir 1-2pm.

Amhráin agus giotaí drámaíocht as Cartlann Amharclann Náisiúnta na Gaeilge agus bean scothaosta na Sráide Láir, An Taibhdhearc 90 bliain slán agus déanfar céiliúradh ar chuid de Chartlann na hamharclainne a gcoinnítear i Leabharlann Shéamais Uí Argadáin, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Cuirfidh an t-aisteoir Diarmuid de Faoite (Na Fánaithe, Amharclann na Mainistreach, Druid, An Taibhdhearc, Decadent, Teilifís agus Scannáin) píosaí drámaíochta i láthair.

Diarmuid de Faoite a bheas i láthair ag 'An Béal Beo' idir 1-2pm inniu Dé Céadaoin
Diarmuid de Faoite a bheas ag ‘An Béal Beo’ idir 1-2pm inniu Dé Céadaoin

Déarfaidh an t-amhránaí clúiteach Deirbhile Ní Bhrolcháin cuid d’amhráin a chualthas ar stáitse na Taibhdheirce. (CD: Coinnlíní Ceoil, 2017)

Deirbhile Ní Bhrolcháin a bheas ag ‘An Béal Beo’ idir 1-2pm inniu Dé Céadaoin

 

B’é an Dr Lillis Ó Laoire a bheas mar fear an tí ag an ócáid a bheas saor in aisce.

Más mian libh buaileadh isteach ag am lón inniu ní gá ach a bheith ag an Ionad Uí Dhonnachadha, Ollscoil na hÉireann Gaillimh, roimh a 1 a chlog mar bheas an ócáid ag tosú ag a 1pm.