Aimsir na Scrúdaithe buailte linn agus an ghrian ag scoilteadh na gcloch mar is gnáth

0
1004
Galway Daily news Teachers Union tells members not to work on predicted Leaving Cert grades

Tá aimsir na scrúdaithe buailte linn agus daltaí scoile faoi bhrú leis an staidéar.

Tá daltaí an Ardteistiméireacht agus an Teastas Sóisearach ag obair go crua na laethanta seo agus iad ag ullmhú dos na scrúdaithe a bheas ag tosnú amárach an 5ú lá de Mí an Meitheamh.

Beidh an scrúdú Gaeilge ar siúl do mhuintir an Teastas Sóisearach ar an nDéardaoin an 7ú lá de Meitheamh agus beidh cúpla lá eile ullmhúchán ag mic léinn na hArdteistiméireachta mar is ar an Luan an 11ú agus Máirt an 12ú Meitheamh a bheas an Páipéar Gaeilge ar siúl.

Seacht mbliana ó shin anois a dheineas féin mo scrúdú Ardteistiméireachta agus is cuimhin liom go maith é mar go raibh féileachán i’m bholg agus mé ag siúl isteach sa scrúdú.

Dúireadh liom roimh ré gurb í an scrúdú ba thabhachtaí i’m shaol agus nach tiocfaidh scrúdú eile gar dó riamh arís. Gan dabht scrúdú fíor thábhactach é ach sílim féin go gcuirtear an iomarca béim ar na scrúdaithe stáit.

Luaitear i gcónaí nach mbeadh scoláirí in ann dul go dtí an coláiste má theipeann siad an Ardteistiméireacht, ach sa lá atá inniu ann tá bealaí eile gur féidir dul tríd chun teacht go dtí coláiste.

D’fhéadfá cúrsa PLC a dhéanamh ar dtús báire agus tabhairfidh sin an deis duit dul go dtí an choláiste.

Pé scéal é ní bhíonn an choláiste oiriúnach do chuile duine agus bíonn chuid mhaith daltaí nach mian leo dul an treo sin.

É sin ráite caithfear na scrúdaithe a dhéanamh ach seo agaibh píosa comhairle chun sibh féin a n-ullmhú dóibh:

  1. Bíodh codladh maith agat roimh ré.
  2. Léigh an scrúdpháipeár dhá uair roimh na ceisteanna a thosnú. Rud a thugann cabhair domsa i gcónaí ná focail atá bainteach leis an cheist a scríobh síos in aice leis agus ansin bíonn siad ar an bpáipeár nuair a feicim an cheist arís.
  3. Bíodh buidéal uisce agat, chun tú féin a choimeád híodráitithe.
  4. Ná bí buartha faoi na freagraí, freagar cad is féidir.
  5. Coimeád súil ar an clog – tabhair ar a laghad 10 nóiméad ag an deireadh duit féin chun dul tríd an pháipeár roimh é a thabhairt suas.
  6. Ar deireadh bain taithneamh as, ní hé deireadh an saol é.

Ádh mór le gach dalta a mbeidh ag suí an Ardteistiméireacht agus an Teastas Sóisearach amárach.