Aimsir ag chuir isteach ar imeachtaí arís i mbliana

0
770
Galway Daily news No let up to rain with further weather warning for thunderstorms

Cé go bhfuilimid i Mí Aibreán agus ‘go hoifigúil’ is an tEarrach atá ann, níl an gheimhridh imithe uainn go fóill. Tá an aimsir fós ag chuir isteach ar imeachtaí atá eagraithe agus tá an chuma ann go mbeidh an aimsir athraitheach ar feadh seal beag eile.

Tá an báisteach ag stealladh síos ar maidin agus níl tuar na h-aimsire ró mhaith don chuid eile don lá.

De bharr an droch aimsir tá an Banna Ceol Máirséaile, Scoil Mhuire a bhí eagraithe chun taispeántas a thabhairt i Cearnóg an Bhaile ag a 11.30r.n. inniu churtha ar athló go dtí an Domhnaigh.

Beidh sé ar siul ar an Domhnaigh ag a 12r.n. tar éis Aifreann in ionad sin. Bhí an Banna Ceol chun taispeántas a thabhairt mar chuid do Féile Ceol Traidisiúnta atá ar siúl ins An Clochán go dtí an 8ú lá de Mí Aibreán.

Tá réimse leathan d’imeachtaí ar siúl don Féile Traidisiúnta, An Clochán agus is féidir tuilleadh eolas a fháil faoin imeacht ag www.clifdentradfest.com nó glaoch a chur ar 086 4015342