Féile Ceol Traidisiúnta An Clochán le bheith ar siúl idir an 5ú agus 8ú lá de Mí Aibreán

0
863
Féile Clifden ar siúl clifden weather

Beidh Féile Ceol Traidisiúnta An Clochán le bheith ar siúl idir an 5ú agus an 8ú lá de Mí Aibreán i mbliana le ard chaighdeán rinceoirí, amhránaí agus ceoltóirí ag líonadh an deireadh Seachtaine.

Tá Féile Traidisiúnta Ceol An Clochán ar an bhfód le naoi bliana anuas agus i mbliana tosnóidh an Féile le Seisiún na nÓg in Óstán an Atlanach ar an Déardaoin, 5ú lá de Mí Aibreán.

Tosnóidh an aoine go moch le Banna Ceol Máirseáile, Scoil Mhuire ag chuir taispeántas i Cearnóg an Bhaile ag a 11.30r.n. Beidh an Oscailt Oifigiúil ar siúl ar an Aoine agus beidh ceolchoirm ar siúl in Amharclann Stáisiún An Clochán ag a 7i.n. Beidh mórchuid do cheoltóirí ó mórthimpeall Éireann ag freastal ar an bhféile mar aon leis na ceoltóirí áitiúla.

Ar an Satharn beidh ceardlainne ceol ar siúl don fidil, bosca cnaipí, agus an consairtín mar aon le ceardlainne foghlama, ó 10r.n. go 12.30r.n. i Scoil Náisiúnta Mhuire le teagascóirí ard chaighdeánach san áireamh, Michael Ó Curráin agus Pádraig Kinsella (Bosca Ceol), Liz Gaughan (Fiddle) Maura Breathnach agus Paul Clesham (Conceirtín)

Is chuid mhór don féile iad seisiún ceol arís i mbliana le mórchuid do ceoltóirí seaimpíneach ó mórthimpeall Éireann le bheith ag freastal ar Féile Traidisiún Ceol An Clochán.

Ceoltóirí san áireamh ná :

  • Liz Gaughan (Fidil) agus Brendan Quinn (feadóg mhór) ó Tiobrad Árainn.
  • Anthony Ó Cíobhán (Bainseo), Pádraig Kinsella (Bosca Ceol) agus George McAdam (Bainseo) ó Muineacháin.
  • Michael Ó Curráin (Tír Éoghain) ar an bosca ceol.
  • Pat bass agus Catriona Ó Bhriain ar an bosca ceol agus bainseo ó Loch Garman.
  • Mark McCrystal (Tír Eoghain) ar an pianó.
  • Liz agus Yvonne Kane (Na fidil).
  • Plunkett O’ Toole (Feadóg Mór)
  • Nollaig Ní Laoire (Amhránaí) ó Co. na Mí agus réimse leathan eile do Ceoltóirí.

Ar Satharn an Féile beidh Rith 5k Féile Traidisiúnta An Clochán ar siúl agus beidh sé ag fágaint lár an baile ag a 2.30i.n agus beidh siamsaíocht mar aon le ceol agus amhránaíocht ar an Gig Rig ó 3i.n. le Peter Carey Jnr. Beidh Comórtas buscála ar siúl ar an Satharn freisin ag a 1.30i.n.

Deireadh seachtaine lán do cheol agus craic a ghealltar agus is féidir tuilleadh eolas a fháil ag www.clifdentradfest.com nó glaoch a chur ar 086 4015342