Adhna Nic Dhonnachadha ag tosú aistear nua mar Oifigeach na Gaeilge

0
721
Adhna Nic Dhonnachadha Oifigeach na Gaeilge - Galway Daily

Théis bliain in oifig mar Oifigeach na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann Gaillimh tá an teidil tugtha ag Cónall Ó Corra anois chuig Adhna Nic Dhonnachadha.

Bhí ról lárnach ag Cónall Ó Corra mar Oifigeach na Gaeilge agus é ag tabhairt cabhair leis na feachtaisí uilig a bhí ar bun ag Aontas na Mac Léinn.

B’é Cónall Ó Corra a bhí lárnach in eagrúchán an mórshiúl ar son na Gaeilge i Mí Aibreán. Bhí Lá Dearg na Mac Léinn na mac léinn ar siúl ar an 21ú lá de Mí Aibreán, mórshiúl a reachtáileadh ag daoine óga ar mhaithe le daoine óga agus iad ag iarraidh go mbeadh tuilleadh deiseanna do dhaoine óga i bhfoirm fostaíochta.

D’fhreastal slua measartha mór ar an mórshiúl ar an 21ú Aibreán agus cé go raibh chuid dos na mic léinn ag staidéar dos na scrúdaithe thánadar amach chun tacaíocht a thabhairt don feachtas.

Is í Adhna Nic Dhonnachadha anois a bheas i láthair san oifig mar Oifigeach na Gaeilge agus í ag tnúth go mór leis an bliain a bheas amach roimpi.

“Dia dhaoibh a chairde! Is mise Adhna agus tá an-áthas orm gur toghadh mé mar bhur nOifigeach na Gaeilge. Is iontach an deis é chun ionadaíocht a dhéanamh ar chuile duine, is cuma cén caighdeán nó cumas Gaeilge atá acu.

“Rugadh agus tógadh mé i gConamara agus bíonn mé ag labhairt Gaeilge chuile lá. Bhí mé mar ionadaí ranga, mar chomhairleoir ag Student Connect agus mar chuid den fhoireann Equaliteam.

“Tá mé ag iarraidh na scileanna a d’fhorbair mé le bliain anuas a úsáid i mo ról mar Oifigeach na Gaeilge.”

Tá Oifigeach na Gaeilge freagrach as cur i bhfeidhm pholasaí dhá theangachas Comhaltas na Mac Léinn, agus i gcur chun cinn an chultúir Ghaelaigh san Ollscoil.

Cuireann Adhna áiseanna tacaíochta ar fáil do Choiste Gnóthaí Chomhaltas na Mac Léinn chun seo a bhaint amach.