Corn Bob O’ Keefe ag teacht trasna na Sionainne

0
828
Corn Bob O' Keefe - Galway Daily

Tá an Corn Bob O’ Keefe ag teacht trasna na Sionainne arís théis an bua a bhí ag foireann na Gaillimhe inné.

Bhí ath-imirt Craobh Ceannais Iománaíochta na Laighean ar siúl inné i Staid Semple, dTurlas, Tiobrad Árainn agus Corn Bob’ O Keefe buaite go maith ag foireann na Gaillimhe.

D’imríodar i gcoinne na cait (Cill Chainnigh) inné, díreach seachtain théis ar críochnaigh cluiche ceannais na Laighean ar chomhscór i bPáirc an Crócaigh.

Don tarna séasúr as a chéile b’é foireann na Gaillimhe seaimpíní Laighean agus inné is léir go rabhadar réidh don cluiche agus iad chun cinn go maith lastigh do 20 nóiméad ar scór 1-9 go 0-1.

Bhí níos mó troid iontu an tseachtain seo agus iad ag teacht chun páirce chun an Corn Bob O’ Keefe a bhuacaint agus a thabhairt trasna na Sionainne.

Cheap Joe Canning go raibh sé chun cuntas na Gaillimhe a oscailt don lae ach de réir Hawk Eye, is ar foraíl a chuaigh an sliotar. Go gairid ina dhiadh sin bhí an brat bán le feiscint agus pointí ó Cathal Mannion, Conor Whelan agus Niall Burke, chun buntáiste 0-03 go 0-00 a thabhairt don Gaillimh.

D’oscailt TJ Reid cuntas Cill Chainnigh ach theip orthu leanúint leis an luas agus fisicúilacht a bhí ag fir na Gaillimhe.

Fuair Johnathon Glynn imreoir a chabhraigh go mór leis an bua a fháil, an chéad cúl théis 14 nóiméad agus dhá nóiméid ina dhiadh sin fuair sé pointe.

Ag leath-am bhí rudaí ag féachaint go maith do fir na Gaillimhe agus iad chun tosaigh go maith ach tháinig na cait thar n-ais agus iad pointe amháin taobh thiar don Gaillimh i dtreo deireadh an cluiche.

Tháinig leaids na Gaillimhe amach leis an Corn Bob O’ Keefe ar dheireadh agus é ag dul trasna na Sionainne. Beidh siad i cluiche leath-ceannais anois ar an 29ú Iúil i gcoinne Clár nó Loch Garman agus beidh ar Cill Chainnigh tabhairt fé Luimneach i gceann seachtaine.

Scór Dheireanach: Gaillimh 1-28   Cill Chainnigh 3-15