Cogadh i bPáirc an Crócaigh a críochnaigh ar comhscór

0
1018
Craobh Laighean - Galway Daily

Nuashonraí – Beidh ath-imirt don Craobh Laighean idir na cait(Cill Chainnigh) agus an Ghaillimh ar siúl Dé Domhnaigh seo chughainn ag a 3i.n. i Staid Semple i Durlas.

Bhí cogadh i Páirc an Crócaigh inniu leis an sliotar ag imeacht ó thaobh amháin don páirc go dtí an taobh eile le luas lasrach.

Buillí trom tugtha ón dá thaobh agus an dá fhoireann ag troid go fiachmhar in aghaidh a chéile ar son honór Craobh Laighin a bhuacaint i bPáirc an Crócaigh.

D’imir an Ghaillimh, Seaimpíní Craobh na hÉireann 2017 i gcoinne na Cait (Cill Chainnigh) tráthnóna inniu le fir na Ghaillimhe ag súil leis an Craobh Laighean a choinnéail ar feadh bliain eile.

Ní mar a shíltear a bítear áfach, agus is léir ná raibh Cill Chainnigh chun cluiche éasca a thabhairt don Ghaillimh ach oiread. Críochnaigh an cluiche ar comhscór sa deireadh agus beidh ar an dá fhoireann aghaidh a thabhairt ar a chéile arís.

Beidh Cill Chainnigh agus an Ghaillimh ag tabhairt fé Craobh Laighin arís an deireadh seachtain seo chughainn chun ceann scríbe an Corn Bob’O Keefe a dearbú do 2018.

Críochnaigh an cluiche inniu ar 0-18 an taobh i bPáirc an Crócaigh agus tá Comhairle na Laighean théis fógairt go mbeidh an ath-imirt ar siúl i Staid Semple i Durlas Dé Domhnaigh seo chughainn.

Ní féidir an cluiche a ath-imirt i bPáirc an Crócaigh de bharr ceolchoirm Michael Buble a bheas ar siúl oíche Dé Satharn. Caithfear am an cluiche a deimhniú go fóill.

Cluiche sár dheacair a bhí ann inniu leis an dá fhoireann ag troid go fiachmhar do chuile liathróid agus d’imigh ana chuid ar fóraíl.

Bhí deiseanna ag an dá fhoireann nár thógadar agus is léir go mbeadh na bainisteoirí agus imreoirí uilig míshásta leis an méid a d’imigh ar foraíl inniu.

É sin ráite ní raibh sé éasca na foirne a dheighilt agus is cinnte go mbíonn tábhacht bainteach le cúl a fháil nuair a mbíonn an cluiche chomh cóngarach sin.

Cluiche a bhí ann ná raibh mórán scóranna agus chuaigh an dá fhoireann isteach sna seomraí feisteas ag leath-am le Cill Chainnigh suas pointe amháin. Gaillimh 0-07  Cill Chainnig 0-08.

Bhí sé ar nós cluiche fichille don 70+ nóiméad leis an dá fhoireann ag iarraidh an cheann is fearr a fháil ar a chéile. B’í an comhscór an toradh ab fhearr agus is léir go bhfuil obair le dhéanamh ag an dá fhoireann idir seo agus Dé Domhnaigh seo chughainn.

Caithfidh fir na Gaillimhe agus na cait aghaidh a thabhairt ar a chéile arís Dé Domhnaigh seo chughainn i Staid Semple chun an Corn Bob’O Keefe agus Craobh Laighin a bhuacaint. Beimís ag tabhairt eolas ar an t-am nuair a bheidh sé deimhnithe.