7 Ainmniúchán faighte ag Peileadóirí na Gaillimhe do Foireann na Bliana

0
771
7 ainmniúchán faighte ag peileadóirí na Gaillimhe - Galway Daily

Tá 7 ainmniúchán faighte ag Peileadóirí na Gaillimhe do Foireann na Bliana a bheas curtha le chéile go luath i Mí na Samhana.

I mbliana chuaigh peileadóirí na Gaillimhe chomh fada leis an Cluiche Leath Ceannais áit a chailleadar in aghaidh Seaimpíní Craobh na hÉireann Baile Átha Cliath.

Níor éirigh leis an Gaillimh an bua a fháil ar Baile Átha Cliath an lá sin cé go rabhadar fós sa cluiche ag leath-am ach bhrúigh foireann Baile Átha Cliath ar aghaidh chun bua maith a fháil sa dara leath.

É sin ráite bhí chuid maith do Foireann na Gaillimhe ag treabhadh leo go maith agus táthar aitheanta anois théis ainmniúchán a fháil do Foireann na Bliana. S’iad na peileadóirí a fuair ainmniúcháin do foireann na Gaillimhe ná;

Cosantóirí –
1. Sean Kelly (Cumann Peile Mhaigh Cuilinn)
2. Eoghan Kerin (GAA Eanach Dhúin)
3. Seán Andy Ó Ceallaigh (Cumann Peile Naomh Anna, Leitir Móir)

Lár Páirce –
1. Thomas Flynn (St Mary’s GAA Baile Átha an Rí)

Sna Tosaithe –
1. Shane Walsh (Cill Choirín/Clonberne)
2. Damien Comer (GAA Eanach Dhúin)
3. Ian Walsh (GAA Cora Finne)

Is iad seaimpíní Craobh na hÉireann 2018 Baile Átha Cliath a fuair 12 ainmniúchán do Foireann na Bliana agus na ainmniúcháin tuillte ag chuile duine dóibh. Buaiteoirí Craobh na hÉireann i mbliana don ceithre bhliain as a chéile agus iad ag súil le Foireann na Bliana a líonadh suas.

Guímis gach rath ar peileadóirí na Gaillimhe a fuair ainmniúcháin agus gan dabht beidís thar nais an bhliain seo chughainn le níos mó caid iontu.