35 Post nua le cruthú i nGaillimh le Fairsingiú

0
704
35 post nua le cruthú in EY i nGaillimh - Galway Daily

Tá 35 post nua le cruthú i nGaillimh agus gnólacht comhairleach tuairiscithe le fairsingiú.

Deir an Gnólacht Comhairleach EY go bhfuil sé chun 35 post nua a cruthú ag na hoifigí i nGaillimh de dheasca fairsingiú a dhéanamh dá gcuid seirbhísí.

Déanfaidh fairsingiú an gnólacht ag Teach Hibernian agus atá ag breathnú amach ar An Fhaiche Mhór, méid na hoifigí atá ag an gnólacht a dúbalt.

Tá an cumas ag an oifig tacaíocht a thabhairt d’uaillmhian EY fás go 70 fostaithe i nGaillimh laistigh de dhá bhliain.

Ag fostú níos mó ná 2,500 duine mórthimpeall Éireann tá EY théis chur go mór leis an méid tallann atá aige le sé mhí anuas, le 520 áit cruthaithe thar na 7 oifigí atá ag an gnólacht i Baile Átha Cliath, Béal Feirste, Corcaigh, Luimneach, Port Láirge agus Gaillimh.

Tá an gnólacht, a thairgeann seirbhísí cánach agus iniúchta ó Gaillimh faoi láthair, ag ullmhú le haghaidh tairiscintí breise a thabhairt isteach i gceann cúpla bliana, airgeadas corparáideach agus comhairle riosca san áireamh.