Rós na Gaillimhe ar stáitse sa Dome aréir

0
797
Rós na Gaillimhe ar stáitse sa Dome - Galway Daily

Thosaigh aistear Rós na Gaillimhe ón nGaillimh chuig an Dome ar an Luan agus í ag baint an oiread sult as ó shin i leith.

Dé Luan an 13ú Lúnasa a d’fhág Deirdre O’ Sullivan an nGaillimh chun tabhairt fén aistear chuig an Dome i dTrá Lí. Sular imigh sí thóg sí an am chun a chuid tacaíochta a thaispeáint do iomanaí na Gaillimhe sa Cluiche Ceannais Craobh na hÉireann.

Beidh foireann iománaíochta na Gaillimhe ag tabhairt aghaidh ar Luimneach i Cluiche Ceannais Craobh na hÉireann ar an Domhnach agus cé nach mbeidh Deirdre ann í féin thóg sí an deis sular imigh sí ar an bhóthar chun gach rath a mhéin leo. Beidh sí ag súil leis an Corn Liam Mac Cárthaigh a fheiscint nuair a fhilleann sí thar nais go dtí an nGaillimh théis Féile Idirnáisiúnta Rós Thrá Lí.

Istoíche aréir tugadh an deis do chuile Rós dul in airde ar stáitse an Dome chun giota beag cainte a bheith acu agus iad ag céiliúradh na Rósanna uilig.

B’shin ceann dos na bhuaicphointí a bhí ag Rós na Gaillimhe anuraidh, Niamh Elwood, dúirt sí in agallamh níos luaithe i mbliana gur rud ríthábhachtach é an deis a bheith ann do chuile Rós dul in airde ar an stáitse sa Dome agus píosa beag cainte a bheith acu.

Dúirt sí gur thug sin an oireadh san muiníne di féin maraon le chuile Rós eile agus go mór mór iad siúd atá níos cúthailí.

Is léir gur thaitin an chuid seo don bhféile go mór mór le Deirdre chomh maith, agus an bean óg (24) chomh gealgháireach agus sásta a bheith thuas ar stáitse ag caint is ag comhrá.

Níl fios go fóill an mbeidh Deirdre mar cheann dos na Rósanna a bheas roghnaithe dos na h-oíche ar teilifís ach is léir go mbainfidh sí sult as fiú muna mbeidh deis aici dul ar stáitse agus í beo ar an teilifís.

Pictúirí Rós na Gaillimhe ar Stáitse

Pictúirí ó Galway Rose Centre – Rós na Gaillimhe ar Stáitse sa Dome
Pictúirí ó Galway Rose Centre – Rós na Gaillimhe ar Stáitse sa Dome
Pictúirí ó Galway Rose Centre – Rós na Gaillimhe ar Stáitse sa Dome