Trí Phlean Teanga eile ceadaithe faoi Acht na Gaeltachta, 2012

0
804
Trí Plean Teanga Ceadaithe - Galway Daily

D’fhógraíodh go bhfuil trí Phlean Teanga eile ceadaithe faoi Acht na Gaelteachta, 2012.

D’fhógair Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Seán Kyne T.D., iné (19 Deireadh Fómhair) go bhfuil pleananna teanga i dtrí Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta ceadaithe faoin bpróiseas pleanála teanga. Tá plean teanga na Ceathrún Rua agus Chonamara Láir i nGaeltacht na Gaillimhe ceadaithe anois, in éineacht le plean teanga Ráth Chairn & Baile Ghib i gContae na Mí.

Is mar chuid de chur i bhfeidhm bearta 2.1 agus 2.3 den Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 don Ghaeilge atá sé seo á dhéanamh.

D’fhógair an tAire Stáit chomh maith go bhfuil allúntas bliantúil ar fiú suas le €100,000 á cheadú don Cheathrú Rua agus do Ráth Chairn & Baile Ghib. Tá suas le €150,000 á cheadú i gcás Conamara Láir, a chomhlíonann coinníollacha áirithe chun allúntas breise a fháil. Cuirfidh an maoiniú seo do ar chumas na gceanneagraíochtaí na trí Limistéar Pleanála Teanga seo a bpleananna teanga a chur i bhfeidhm, agus oifigeach  pleanála teanga a fhostú dá limistéir.

Cuireadh soláthar €2.65m ar fáil don phleanáil teanga sa bhliain reatha agus tá allúntas €1.513m ón gciste sin ceadaithe d’Údarás na Gaeltachta chun pleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú i mbliana.

Dúirt an tAire Stáit Kyne:

“Beidh Comharchumann Mhic Dara, Coiste Stiúrtha Pleanála Teanga Chonamara Láir agus Comharchumann Ráth Chairn in ann tús a chur anois le feidhmiú a bpleananna teanga a bheidh ar leas pobail na dtrí limistéar pleanála teanga.

“Ar nós na ceanneagraíochtaí pleanála teanga eile atá i mbun oibre faoi láthair, tá obair mhór déanta ag na ceanneagraíochtaí seo chun an staid seo den phróiseas a bhaint amach dóibh féin. Is cinnte go nguíonn muid gach rath orthu agus a bpleananna á gcur chun feidhme acu.”