Neart ar siúl ag Tionól Gaeltachta 2018 an deireadh seachtaine seo chaite

0
1029
Tionól Gaeltachta 2018 - Galway Daily

Deireadh seachtaine iontach deas a bhí ann dóibh siúd a d’fhreastal ar Tionól Gaeltachta 2018.

Bhí Tionól Gaeltachta 2018 ar siúl in Inis Meáin an deireadh seachtain seo chaite, idir an 29ú Meitheamh agus an chéad lá de Mí Iúil agus é ostaite ag Bliain na Gaeilge agus Conradh na Gaeilge.

Deireadh seachtain gleoite a bhí ann le teochtanna ard agus an ghrian ag scoilteadh na gcloch.

Is turas Gaeltachta é an Tionól a thugann deis do dhaoine teacht le chéile le céiliúradh a dhéanamh ar chultúr agus teanga na gceantar Gaeltachta.

“Fanann lucht freastal an Tionóil le daoine áitiúla sa gceantar agus bíonn pobal na Gaeltachta i gcroílár na hócáide seo i gcónaí. Cuireadh fáilte mhór romhainn ar Inis Meáin i mbliana agus bhí deireadh seachtaine den scoth againn,” a dúirt Emma Ní Chearúil, Feidhmeannach Chumarsáide, Conradh na Gaeilge.

I measc na n-imeachtaí a bhí ar fáil don deireadh seachtaine bhí turas treoraithe le Máirín Uí Chonghaile (Uachtarán Oireachtas na Gaeilge), cuairt ar Theach Synge, gearrscannáin faoin oileán, ceardlanna filíochta agus caoladóireachta, cuairt ar Shiopa Cniotála Inis Meáin agus Seimineár Thionól Gaeltachta CnaG – plé cuimsithe ach ar “Inis Meáin agus an Domhan Mór” le Tarlach de Blácam (Cniotáil Inis Meáin Teo.) An tSiúr Finín Ní Choncheanainn, agus Máiréad Ní Fhlatharta (Príomhoide Choláiste Naomh Eoin) leis an gCathaoirleach Catherine Connolly.

Deir Peadar Mac Fhlannchadha, Conradh na Gaeilge,

“Ba mhaith linn buíochas ó chroí a ghabháil le chuile duine a d’fhreastal ar an imeacht a chur ceoil agus siamsaíocht ar fáil le linn an turais agus na mná agus fir tí ach go háirithe a chur lóistín agus fáilte chroíuil ar fáil dúinn.”

Is féidir na pictúirí ar fad ón deireadh seachtaine a fheiscint anseo. Míle buíochas le Emma Ní Chearúil ó Conradh na Gaeilge as na pictúirí a chur ar aghaidh chughainn.