Tionól Forbartha Gaeloideachas ar siúl i nGaillmh i mbliana.

0
933
Tionól Forbartha Gaeloideachas - Galway Daily

Beidh an imeacht Tionól Forbartha Gaeloideachas i bpáirt le COGG ar siúl i nGaillimh i mbliana.

Beidh Tionól Forbartha Gaeloideachas ar siúl in Óstán an Clayton, Baile an Bhriotaigh, ar an Aoine 16ú Samhain 2018.

Réimse leathan cheardlann a bheas ar siúl don bhunleibhéal agus don iar-bhunleibhéal agus díreofar isteach ar ábharacha áirithe ar an lá.

Chun clárú is féidir foirm bhallríochta na heagraíochta a íoslódáil anseo. Is féidir stádas ballraíochta reatha na scoile a dheimhniú trí teagmháil a dhéanamh ar 01 8535195 nó ríomhphost a chur chuig eolas@gaeloideachas.ie.

Seo a leanas na táillí a bheas i gceist don lá:

  • Scoileanna le ballraíocht: €90 an duine le ráta mochóirí ar fáil go dtí 11ú Deireadh Fómhair, €100 an duine i ndiadh an 11ú Deireadh Fómhair.
  • Scoileanna gan bhallraíocht/ionadaithe ó institiúdí agus eagraíochtaí eile: €130 an duine.
  • Mic léinn lán-aimseartha: €50 an duine.

Má bhíonn breis agus triúir ón scoil, institiúid nó eagraíocht chéanna ag freastal ar an Tionól Forbartha, beidh an ceathrú duine saor in aisce.

Tá na himeachtaí an Tionóil go léir san áireamh sa táille seo: sosanna tae agus caife, lón, fáiltiú deochanna, dinnéar agus siamsaíocht. Is féidir le daoine clárú do bhfáiltiú agus dinnéar amháin ar chostas €50.

Chun tuilleadh eolas a fháil faoin Tionól Forbartha Gaeloideachas a bheas ar siúl in Óstán an Clayton ar an Aoine 16ú Samhain 2018 ní mór duit an nasc seo a leanúint, áit a bheas an t-eolas ar fad le fáil.