Ticéidí ar díol an tseachtain seo d’imeacht ar siúl i Mí Aibreán

0
814

Beidh ticéidí ar díol i rith na seachtaine d’imeacht a mbeidh ar siúl ar an 14ú lá de Mí Aibreán, sa Loft i Seven, Sráid an Droichid, Cathair na Gaillimhe, áit a mbeidh Farmer Michael agus Kathleen mar príomh-aoieanna ar an oíche.

Is ar san HOPE D (Helping Other People Escape Depression) a bhfuil bunaithe sa Droichid Nua i Cill Dara atá an oíche á reachtáil.

Is catharnacht é HOPE D, atá bunaithe i Cill Dara chun cabhrú le daoine agus le clainne atá ag fulaingt le dúlagar agus méala don féinmharú.

Beidh na ticéidí don oíche le fáil ó 37 Café West, An Caisléan Nua, ag 56 Central, Sráid na Siopaí agus ag an Loft ar an oíche leis an imeacht ag tosú ar a 8i.n.

S’iad na haithriseoirí ar fad a bheas ag glacadh páirt ar an oíche ná Farmer Michael agus Kathleen, Johnny Grahame, Paul David Murphy, Séan Ó Bheaglaoich, agus Andrew Devine.

Oíche don céad scoth geallta leis na haithriseoirí ar fad a bhéas ann ar an oíche agus go háirithe fear na Gaillimhe féin Farmer Michael. Beidh oíche iontach ag gach duine agus iad ag faire ar chuile duine a mbeidh ar stáitse an oíche sin.

Is féidir tuilleadh eolas a fháil faoin oíche trí ríomhphoist a sheoladh chuig seanbegleycomedy@outlook.com