TG4 ag leanúint leo leis an urraíocht do Cumann Pheil na mBan (LGFA)

0
915
Cumann Peil na mBan - Galway Daily

Tá TG4 chun leanúint leo leis an urraíocht an stáisiún ar Chraobhchomórtais Idirchontae Pheil na mBan.

Ag seoladh oifigiúl Craobhchomórtas Pheil na mBan 2018 i bPáirc an Chrócaidh inniu fógraíodh go bhfuil síneadh ceithre bliana tugtha ar urraíocht an stáisiún ar Chraobhchomórtais Idirchontae Pheil na mBan agus go mairfidh an socrú seo go dtí deireadh shéasúr 2022.

Thosaigh an stáisiún ag déanamh urraíochta ar Chraobhchomórtais Pheil na mBan sa bhliain 2000 agus beidh an comhpháirtíocht scór bliain sa bhliain 2020.

Ag seoladh Chraobhchomórtais Pheil na mBan TG4 dúirt Ardstiúrthóir TG4, Alan Esslemont go raibh ríméad air faoin gcomhaontú nua faoina gcuirfwar síneadh le hurraíocht TG4 do na craobhchomórtais a rachaidh an stáisiún i mbun comhaontú chearta craolta le Cumann Pheil na mBan (LGFA).

Tá Tg4 théis geallúint a dhéanamh go gcraolfar 17 gcluiche sraithe le linn shéasúir 2018, ag tosú Dé Sathairn an 14ú Iúil go dtí lá Chraobh na hÉireann, Dé Domhnaigh an 16ú Meán Fómhair nuar a chraolfar craobh na sóisear, an chraobh idirmheánach agus craobh na sinsear BEO agus go heisiach ar TG4.

Tá seó speisialta roimh Chraobh na hÉireann a chraolfar beo as Teach an Ardmhéara fógartha ag TG4 agus an LGFA freisin an oíche roimh na gcluichí craoibhe Dé Sathairn an 15 Meán Fómhair.

Ní hamháin go ndíreofar le linn an tseó seo ar chluichí Chraobh na hÉireann TG4 ach is ceiliúradh a bheidh freisin ann ar mhná i gcúrsaí spóirt.  Seó speisialta, siamsaíochta, lán fuinnimh agus tapa a bheidh ann ina mbeidh meascán de cheol, de cheiliúradh agus de phlé siamsúil agus a mbeidh aíonna an-speisialta i láthair.

Dúirt Alan Esslemont, Ardstiúrthóir TG4, thar ceann TG4:

“Fáiltíonn TG4 roimh an deis seo an mórtas atá againn leis an spórt breá Éireannach seo a athdhearbhú. Faoin socrú seo déanfar urraíocht ar na Craobhchomórtais ar cearta craolta teilifíse ar an iliomad ardán do lucht leanúna an spóirt ar spórt domhanda anois í.

“Ní inniu ná inné a thosaigh an chomhpháirtíocht seo idir TG4 agus an LGFA. Léiríonn an clúdach cuimsitheach a dhéanann TG4 ar na cluichí ag gach leibhéal an tábhacht a leagaimid ar an spórt iontach seo atá ag forbairt agus a bhfuil borradh faoi bliain i ndiaidh bliana.

“Is sampla iontach eile é de chultúr saibhir agus oidhreacht na tíre agus tá mórtas orainn baint a bheith againn leis agus as an gceangal idir an Ghaeilge agus Peil na mBan atá ag dul ó neart go neart.

“Seo í Bliain na Gaeilge agus tá ríméad ar TG4 go bhfuil an LGFA ag cur go mór le próifíl na Gaeilge ar fud an Chumainn. Tá TG4 thar a bheith bródúil go bhfuilimid in ann an t-aitheantas is dual dó a thabhairt do Pheil na mBan leis an gcomhpháirtíocht seo leis an LGFA agus Lidl, comhpháirtíocht a bhfuil ag éirí thar cionn léi.

“Chur an feachtas #properfan leis an tsuim mhór a cuireadh sna cluichí agus leag Craobhchomórtas LGFA na bliana seo caite agus chomh maith agus a d’éirigh leis béim ar spórt do mhná ar fud na hÉireann.”

Dúirt Marie Hickey, Uachtarán Chumann Pheil na mBan:

“Táimid thar a bheith sásta a dheimhniú go bhfuil síneadh le cur leis an gcomhpháirtíocht fhada seo le TG4.

“Tá ceangal ag TG4 le Peil na mBan ón mbliain 2000 agus chuidigh siad linn an spórt a chur chun cinn go mór.”