Taispéantas Speisialta chun comóradh a dhéanamh ar an Chéad Dáil

0
1042
Comóradh an Chéad Dáil

Beidh taispeántas spesialta ar siúl i nGaillimh chun comóradh a dhéanamh ar an Chéad Dáil.

Beidh an comóradh seo ar siúl go díreach céad bliain ó nuair a tionóladh an chéad bhailiú daonlathach de Phoblacht réabhlóideach na hÉireann.

Beidh an imeacht atá saor in aisce ar siúl ar an Luan seo chughainn an 21ú Eanair.

Beidh An Taibhdhearc ag cur dráma ar siúl arna stiúriú ag Mícheál Ó Meallaigh, bunaithe ar an Chéad Dáil a tharla i 1919.

Tosóidh imeachtaí ag An Taibhdhearc ag 2.50p.m. an 21ú Eanair le siúlóid trí ceantar coisithe na Gaillimhe agus beidh ath-chruthú don Chéad Dáil ar siúl os comhair an Túr ag Ionad Siopadóireachta na Faiche Móire (Eyre Square Shopping Centre) ag 3.30p.m.

I measc na Teachtaí Dála don imeacht stairiúil seo beidh Diarmuid de Faoite, Catherine Denning, Maidhc P. Ó Conaola, Deirbhile Ní Churraighín, Seán Ó Coisdealbha, Gearóidín Nic Thomáis agus Séamus Ó hAodha.
Is deis idéalach é seo céad bliain de stair na hÉireann a cheiliúradh. Ina dhiaidh, Tabharfaidh an tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh léacht sa Taibhdhearc ar 5:30i.n.

Ná caill amach ar an deis iontach seo stair a fheicéail os do chomhair amach.
SAORCHEAD ISTEACH CHUIG GACH IMEACHT ach caithfear ticéad a chur in áirithe do léacht Ollamh Uí Thuathaigh.
Comóradh an Chéad Dáil