Taibhdhearc@90: Súil Siar agus Súil ar Aghaidh

0
957
Súil siar agus ar aghaidh ar saol na Taibhdheirce - Galway Daily

An Taibhdhearc@90: Caithfimid súil siar mar aon le súil ar aghaidh ar todhchaí na Taibhdheirce.

Tá an Taibhdhearc ag céiliúradh 90 mbliain ar an bhfód i mbliana théis ar bhunaíodh í ar an 27ú lá de Lúnasa 1928 agus mar sin táimid ag iarraidh súil a chaitheamh siar agus súil a chaitheamh ar aghaidh ar an méid atá déanta agus an méid a bheas le teacht ón Taibhdhearc.

Labhair an Dr. Siobhán Nic Fhlannchadha duine nua ar bhord na Taibhdheirce le Galway Daily faoina tuairimí pearsanta fén maidir leis An Taibhdhearc.

Seo mar a dúirt Siobhán faoin tábhacht a bhaineann leis An Taibhdhearc,

“Tá An Taibhdhearc fíor-thábhachtach ar morán cúiseanna. Ar an gcéad dul síos, is le gach duine an Taibhdhearc. Is cuma cé mhéid Gaeilge atá agat, tá fáilte roimh chách san amharclann. Is dóigh liom go bhfuil An Taibhdhearc rí-thábhachtach do Ghaillimh.

“Is amharclann le cliú agus cáil náisiúnta agus idirnáisiúnta í. Is ionad suimiúil spreagúil í, agus is foinse ealaíona, siamsaíochta gus foghlamtha í don chathair. Ina theannta sin, tá an amharclann tábhachach i measc comhphobal na Gaeilge. Is lárionad ealaíona í atá lonnaithe i gcathair ach in aice le Gaeltacht freisin. Cuireann an amharclann stáitse ar fáil ar mhaith le drámaí, ceol, damhsa, ealaíon, greann, ocáidí, seiminéair, agus neart eile.

“Ar deireadh, tá tábhachtach ag An Taibhdhearc domsa go pearsanta. Bhí m’athair ina bhall do Na Fánaithe agus bhíodh mo Mhamó ag drámaí san amharclann tráth. Bhí mé mar bhall do Na Crosáin, amharclann óige na Taibhdhearca, agus i nGeamaireacht na Nollag agus mé i mo dhéagóir. D’fhás agus d’fhorbair mé, chas mé le daoine atá anois ina dlúthchairde agam, agus bhí mé i mo Reachtaire ar Cumann Dramaíochta Coláiste Ollscoile Baile Átha Cliath ar feadh dhá bhliain go leith mar gheall ar an am a chaith mé sa Taibhdhearc.

Is léir go raibh ana tionchar ag An Taibhdhearc ar Siobhán agus anois í ag súil le todhchaí iontach ón Taibhdhearc.

Deir Siobhán go mbeidh sí mar chuid don ról atá aici ar bord na Taibhdheirce go mbeidh sí ag cur béim suntasach ar;

  1. Amharclann óige a ath-bhunú san amharclann, a gcuireadh ranganna drámaíochta, agus ceardlanna scileanna amharclannaíochta ar fáil don aos óg, agus a gcuireadh (ar a laghad) dhá léiriúcháin ar stáitse sa Taibhdhearc in aghaidh na bliana.
  2. Réimse níos leithne comhphobail á mhealladh ag an amharclann. Is dóigh liom go bhfuil an ilchinéalacht agus ionchuimsiú rí-thábhachtach do thodhchaí na Taibhdheirce agus déanfaidh mé mo dhícheall cinntiú go dtéann siad seo go smior san amharclann. Ciallaíonn sé seo go mbeidh mé ag spreagadh an fhoireann bainistíochta le níos mó a dhéanamh le comhphobail éagúil a mhealladh, ina measc, nuachainteoirí, ealaíontóirí ar fud na hÉireann agus thar lear más féidir, ceantair Gaeltachta ar fud na hÉireann, agus comhphobail éagsúil i nGaillimh, mar shampla páistí i scoileanna DEIS agus baill don Lucht Siúil.
  3. Ina dteannta sin, tá mé ag súil go mór le scripteanna nua agus téamaí úra a chur ar stáitse sna blianta amach romhainn. Tá mé ag súil le réimse guthanna níos leithne a chloisteáil, le meascán aoisghrupaí, inscne, cúlra teanga, reiligiún, tuairimí polaitíochta agus a leithéid á léiriú ar stáitse.

Beidh céiliúradh mór ins An Taibhdhearc istoíche anocht agus amárach agus is féidir bhur ticéidí a fháil anseo.