Taibhdhearc @90 – Scéal agus Stair na Taibhdheirce

0
946
Stair agus Scéal na Taibhdheirce - Galway Daily

Anocht agus amárach tá oícheanta den chéad scoth eagraithe chun céiliúradh a dhéanamh ar An Taibhdhearc@90.

Dhá oíche iontach atá eagraithe áit a mbeidh ‘Taibhdhearc@90’ faoi stiúir Maolíosa Stafford, seó a mbeidh lán le réaltaí, a reachtálfar, anocht an 26ú agus amárach an 27ú Deireadh Fómhair, san áireamh beidh Bríd Ní Neachtain, MacDara Ó Fátharta, Eoin Geoghegan, Sorcha Ní Chéide, Catherine Denning agus Séamus Mac Cuinneagáin.

Bunaíodh an Taibhdhearc ar an 27ú lá de Lúnasa 1928 agus i mbliana táid ag céiliúradh 90 bliain ar an bhfód agus a bheith ar oscailt.

Labhair Seán Mac Giollarnáth le Galway Daily faoi scéal agus stair na Taibhdheirce, ó scéal na taibhse, go dtí an tine, na daoine clúiteach ar fad a raibh baint acu leis an Taibhdhearc, agus neart scéalta eile aige.

Tá Seán Mac Giollarnáth féin bainteach leis An Taibhdhearc le 52 bliain anuas, thosaigh sé ag cleachtadh ann i 1966 agus tá sé ann ó shin. Chaith sé seal mar Chathaoir na Taibhdheirce agus dúil aige go fóill san obair ar fad a bhí agus atá ar bun aige leis An Taibhdhearc.

Deir sé gurb an rud is tábhachtaí i gcónaí ins An Taibhdhearc ná Geamaireacht, séonna páistí ar nós SnowWhite.

“Nuair a mheallan tú na páistí óga isteach an óg, tiocfaidh siad ar ais, Bitten by the bug mar a dhéarfá.”

De réir dealramh, b’é An Taibhdhearc an t-aon Amharclann Gaelach atá ag feidhmiú chomh fada is atá sí agus í 90 bliain ar an bhfód i mbliana.

Seo mar a dúirt Seán fé seo;

“Bhí Damer ann (Amharclann i mBaile Átha Cliath), bhí Amharclann Gaoth Dobhair ann agus stop siad ach d’oscail siad cúpla bliain ó shin agus bhí go leor grúpanna eile ach seo’d é an t-aon amharclann fós beo cé go raibh tine againn agus rudaí mar sin ach d’fhan muid ag chuir seóanna ar stáitse.”

Is sa bhliain 1927 a chuireadh tús leis an chaint ar fad faoin Taibhdhearc den chéad uair agus tháinig beirt fhear le chéile, Liam Ó Briain agus Séamus Ó Broin. Chuaigh siad i dteagmháil le Earnán de Blaghad an Aire Airgeadais agus thug sé 600 punt chun tús a chur leis an Taibhdhearc.

An chéad fear a bhí ag an Taibhdhearc mar bhainisteoir stáitse ná Tommy Mac an Rí a bhí ann ón tús ar fad. Chaith sé seal maith ag obair ann idir 1928-1984.

Labhair Seán Mac Giollarnáth faoin próiséis ina fuaireadar an seanhalla, atá i bhfad níos compórdaí agus teo anois mar téatar.

“Bhí fear óg Mícheál Mac Liammóir a raibh Gaeilge aige agus dheineadh teagmháil leis agus dúirt sé go mbeadh suim aige ann. Chuaigh sé ar ais go Baile Átha Cliath agus dúirt sé go raibh cara aige a raibh an eolas aige faoi amharclannaíocht.

“Tháinig siad síos, bhreathnaigh siad thart, bhí áit anseo seanhalla (Father Crotty’s Hall) an t-ainm a bhí air, cineál ionad pobal a bhí ann agus ba leis na hAibhistínigh é.

“Chuaigh siad amach agus bhíodar ag breathnú ar an Columbian Hall agus cúpla áiteacha eile ach bhí an Columbian Hall cinéal beag agus freisin ní raibh léas fada a fháil air, ach fuair siad léas fada anseo agus ag an am sin bhí an Taibhdhearc i bhfad níos difriúla,”a dúirt Seán.

“Ní raibh ann ach leibhéal amháin agus bhí Belfast Roof air (déanta as adhmaid agus an díon a bhí ann bhí sé cosúil le leath chiorcal agus bhí feilt ann). Bhí sé chineál dainséarach agus nuair a bhí seó ar siúl bhí ar duine ó na fire tine a theacht agus a sheasamh isteach san áit agus a raibh seó ar siúl.

“Is cuimhin liom, bhí mé féin ag aisteoireacht ar an stáitse le Mick Lally (go ndéana Dia tróchaire air), sa Seachrán agus bhí Mick os cionn clár bheith básaithe agus bhí thart ar 20 canna stáin thuas ag fáil na silte ón díon agus bhí na silte ag titim síos ar Mick ach níor bhog sé.

Is léir go bhfuil An Taibhdhearc théis feabhsaithe i bhfad ón am sin go dtí anois agus neart spás acu le haghaidh oifigí thuas staighre, téatar den scoth srl. Rud amháin áfach a bhí Seán fíor bhródúil as ná na cuirtíní atá san amharclann fé láthair gurb iad san na chéad cuirtíní a chuireadh suas i 1928.

Seo mar a dúirt Seán maidir leis na cuirtíní,

“Rinne beagáinín damáiste dóibh sa tine ach bhaineamar anuas iad, bhí orainn iad a ghearradh agus iad a dheisiú ach táimid an bródúil go bhfuil siad ann fós, is chuid do stair iontach na Taibhdheirce na cuirtíní sin.

Go minic chuirtear an cheist faoi brí An Taibhdhearc, Taibhse ná ghost nó scáile agus dearcadh ná áit a fheiceann tú rud agus de réir tuairiscí Seán Mac Giollarnáth is léir go bhfuil taibhse ins An Taibhdhearc.

Seo scéaltaí beaga a d’inis sé faoi eachtraí ar leith a tharla ní amháin do dhuine amháin nó beirt ach do ghrúpa dhaoine agus madra san áireamh freisin.

“Tá taibhse thíos anseo. Bhí mé féin ann oíche amháin. Bhí muid i Conn the Shangraun (An Seachrán) agus bhí sos againn thart ar 11 áit a rabhamar thíos sa Green Room. Bhí an sean doras a bhí ag dul suas staighre ar lámh na dheise ag bogadh agus thosaigh Tatters an mhadra a bhí ar an chliar ag dranntán agus lean sé rud éigin thart trasna an sean scátháin agus amach.

“D’éirigh an green room féin ann fhuair, préachta fiú agus bhí go leor againn ann agus bhí Tatters ag fáil crosta. Cibé an rud a bhí ann chuaigh sé amach ansin an áit a bhfuil leithris na fir anois ann.

“Ach tá an scéal ann go raibh bean rialta dána uair amháin le sagart agus mar píonós uirthi do chuir siad isteach sa bhfalla agus dhúnadar isteach ann í agus í fós beo agus sin í an Taibhse.”

B’shin scéal amháin a bhí ag Seán do Galway Daily faoin taibhse atá ins An Taibhdhearc ach seo dhaoibh an scéal eile a bhí aige.

“Uair éigin eile duirt duine éigin go bhfaca siad rud ag dul trasna an stáitse, cosúil le mná nó bean. Oíche amháin eile tháinig Sean Stafford agus bhí muid ag cleachtadh agus bhí na sean heaters ar siúl. Bhí duine éigin ag déanamh cultaicí ach bainfidh geit aisti agus rith sí amach as an áit.

“Chuir sí glaoch ar Sean agus bhí ar Sean teacht ar ais chun na soilsí a múchadh agus an teas a mhúchadh ach nuair a chuaigh sé thíos go dtí an Green Room bhí an áit úafásach fhuair agus shíl sé go bhfaca sé rud éigint agus dúirt Sean ‘Níor fhan mé rofhada ansin, múch mé na soilse, dhún mé an doras agus ghread mé liom’. Inseoidh sé sin an scéal duit. Ta rud éigint ann.

É sin ráite is léir go bhfuil mórchuid do stair, scéalta srl bainteach leis An Taibhdhearc agus í ag céiliúradh 90 bliain ar an bhfód. Is léir nach bac iad an Taibhse ná an tine a tharla ins An Taibhdhearc ach píosa staire atá ag cabhrú leo dul ó neart go neart chuile bhliain.

Bí i dteannta leo agus iad ag céiliúradh 90@Taibhdhearc anocht agus istoíche amárach. Is féidir na ticéidí a fháil ar an suíomh seo nó trí glaoch a chur ar 091-562024.