Spriocdháta iontrála na gComórtas Ardáin d’Oireachtas na Samhna 2018 – amárach 24ú Meán Fómhair

0
1075
Oireachtas na Samhna - Galway Daily

B’é amárach an 24ú Meán Fómhair spriocdháta iontrála na gComórtas Ardáin d’Oireachtas na Samhna 2018.

Ar an 13ú Meán Fómhair d’fhógair an tOireachtas go raibh síneadh ama deich lá a chur le  spriocdháta iontrála na gComórtas Ardáin d’Oireachtas na Samhna.

Amárach an 24ú Meán Fómhair an lá dheireanach a bheas deis ag iomaitheoirí nach bhfuil cláraithe fós iontráil a dhéanamh.

Daichead a haon (41) comórtas atá ar chlár na bliana seo – fiche haon (21) acu i rannóg na ndaoine óga agus fiche (20) acu i rannóg na ndaoine fásta.

Tá réimse leathan seánraí i gceist sa chlár comórtas, iad seo ina measc: amhránaíocht ar an sean-nós, rince aonair ar an sean-nós, agallamh beirte, lúibíní, scéalaíocht, dreas cainte, uirlisí ceoil agus go leor eile.

“Is iad na comórtais ardán croílár na féile Oireachtas na Samhna gach aon bhliain,” a dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais.

“Ní hamháin go dtugann na comórtais seo stáitse do healaíontóirí dúchasacha na tíre ach tugann sé spreagadh do ghasúir óga a bheith páirteach i bhféile náisiúnta agus cabhraíonn siad le féin-mhuinín na ngasúr a láidriú.

“Ach b’fhéidir an rud is tábhachtaí fós, déanann siad cinnte go mbeidh ár gcultúr, ár n-oidhreacht agus ár dtraidisiún beo agus slán do na blianta amach romhainn. Tá súil againn go spreagfaidh an síneadh ama tuilleadh iontálacha,” a dúirt sé.

Beidh Oireachtas na Samhna ar siúl ó 31 Deireadh Fómhair – 4 Samhain 2018 i gCill Airne, Co. Chiarraí. Tá an t-eolas is déanaí maidir le himeachtaí na féile ar fail anseo.

Is féidir d’iarratas a dhéanamh ar líne ag www.antoireachtas.ie nó cóip den fhoirm iarratais a fháil ó Oifig an Oireachtais agus í a sheoladh chuig: Comórtais Ardáin 2018, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.