Tá an spriocdháta don chúrsa Aistriúchán i gCarna ag teannadh linn.
Níl ach cúpla lá fágtha agat chun chur isteach ar an gcúrsa Aistriúchán a bheas ar siúl i gCarna. Tá Europus ag fógraíocht an Dioplóma Iarchéime/Teastas i nGaeilge Fheidhmeach agus Aistriúchán faoi láthair.
Tá an Dioplóma Iarchéime/Teastas i nGaeilge Fheidhmeach agus Aistriúchán á reáchtáil ag Europus i gcomhar le Údarás na Gaeltachta agus GMIT(faoi réir fhaomhadh Bhord UnaG).
Is comhlacht aistriúcháin agus comhairleoireachta teanga é Europus atá suite ar an gCeathrú Rua i gCo. na Gaillimhe. Cuireann an comhlacht seirbhísí aistriúcháin, comhairleoireachta, agus fotheidealóireachta ar fáil.
Iarratais faoin 5:00pm an 28 Meán Fómhair 2018 chuig Europus, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe.
Gach eolas ó Europus 091 595492, eolas@europus.ie nó cliceáil anseo.