Spásanna ar fáil go fóill sa rang ColourStrings i nGaeilge a bheas ag tosú go luath

0
920
ColourStrings i nGaeilge a bheas ag tosú go luath- Galway Daily

Tá spásanna fós ar fáil sa rang ColourStrings i nGaeilge a bheas ag tosú go luath.

Beidh an rang ColourStrings i nGaeilge á tosú Dé Satharn an 6ú Deireadh Fomhair ag a 11i.n. i Scoil Chroí Íosa.

S’éard atá i gceist leis an rang ColourStrings ná rang ceol a bheas na páistí ábalta amhráin Gaelach agus idirnáisiúnta a fhoghlaim le gluaiseacht agus nodaireacht ceoil.

Déanann na páistí bunchéimeanna damhsa traidisiúnta agus dámhsa éagsúla mar aon le cnaguirlsí a casadh agus bíonn an-spraoi acu ag imirt cluichí ceoil.

Tugann na ranganna deis iontach do na tuismitheoirí agus na páistí eispéireas dearfach ceoil a fháil trí mheán na Gaeilge. Faoi láthair tá spásanna fós ar fáil más mian leat do ghasúir féin a thabhairt chuig na ranganna.

Dúirt Julie Anne de Brún atá i mbun eagrúchán an rang ColourStrings i nGaeilge,

“Tá spás agam sa rang ColourStrings i nGaeilge faoi láthair. Beidh an rang ColourStrings i nGaeilge ag tosnú i Scoil Chroí Íosa, gar d’Ospidéal Ollscoile na Gaillimhe, maidin Dé Satharn ag 11i.n. ar an 6ú Deireadh Fómhair.

“Tá súil agam go mbeidh sibh in ann teacht chuig an rang. Is rang fíor álainn í is bíonn sult is spraoi i measc an rince, canadh is ceoil.

“Is féidir libh an foirm seo a líonadh má tá suim agaibh.”