Sonraí don siúlóid 300km ó Bá an Daingean go Bá an Gaillimh

0
811
Catharnacht

Beidh Ronan Scully iar-iomatheoir Operation Transformation ag tabhairt fé siúlóid 300km ó Bá an Daingean go Bá an Gaillimh.

Beidh sé ag tosú an siúlóid 300km Dé Domhnaigh seo an 5ú Lúnasa ó Bá an Daingean agus chuireann sé fáilte roimh cách tabhairt fé an siúl leis.

Seo a leanas na sonraí don siúlóid a bheidh á tosnú ar an Domhnach.

Dé Domhnaigh 5ú Lúnasa – Ó Bá an Daingean ag tosnú ag 8r.n ó Bá an Daingean le paidir ar an slí go Trá Lí. (ag fanacht i lóistín i dTrá Lí istoíche.) 43kms

Luan 6ú Lúnasa – Ag tosnú thart ar 7/8 i dTrá Lí ón áit ar críochnaigh an siúl an oíche cheana agus ar aghaidh ansin go Lios Tuathail. (Ag fanacht i lóistín i Lios Tuathail an oíche seo.) 22kms

Máirt 7ú Lúnasa – Ag tosnú ag 7 ar maidin ón áit ar chríochnaigh an siúl an lá cheana agus ar aghaidh ansin go Ráth Caola. (Ag fanacht i lóistín i Luimneach an oíche seo.) 40kms.

Céadaoin 8ú Lúnasa – Tosnu 7/8 ar maidin ó Rath Caola ón áit ar chríochnaigh an siúl an lá cheana agus ar aghaidh ansin go Luimneach. (Ag fanacht i lóistín i Luimneach arís.) 30kms

Déardaoin 9ú Lúnasa – Tosnú 7 ar maidin ó Luimneach agus ar aghaidh ansin go Inis. (Ag fanacht i lóistín in Inis an oíche sin) 40kms

Aoine 10ú Lúnasa – Tosnú 7/8 ar maidin ó Inis tríd an Leacht (Lahinch) agus ar aghaidh ansin go Dúlainn. 40kms

Satharn 11ú Lúnasa – Tosnú 7/8 ar maidin ó Dúlainn go Cinn Mhara. (Ag fanacht i lóistín i Cinn Mhara) 40kms.

Domhnach 12ú Lúnasa – Tosnú 6 ar maidin ó Cinn Mhara go Bá na Gaillimh chun a bheith ag tús an 5km siúlóid cathartnachta a bheas ar siúl ag 3i.n agus atá oscailte do chuile duine. Beidh an siúlóid seo ag tosú ó halla an Cladach go dtí an prom ar Bóthar na Trá agus thar nais. (35km).

Más mian leat deontas a thabhairt do na catharnachtaí atá Ronan Scully ag bailiú an t-airgead dóibh is féidir é sin a dhéanamh tríd an nasc seo.