Seandálaí – Michael Gibbons le léacht a thabhairt sa Spidéal.

0
930
Michael Gibbons Seandálaí

Tá án-áthas ar an ghrúpa Cúl an Tí fáilte a chuir leis an seandálaí Michael Gibbons go dtí an Spidéal an deireadh seachtaine seo.

Is eagraíocht neamhbhrabúiseach iad Cúl an Tí agus an príomh aidhm atá ag an ghrúppa ná Físealaíona Comhaimseartha a chuir chun cinn i gceantar Chois Fharraige.

Is é Michael Gibbons cheann dos na príomh seandalaí in Éireann. Rugadh agus tógadh ins an Clocháin, i gConamara é áit atá sé fós ag maireachtáil lena gclann. Is ceimí d’Ollscoil na hÉireann Gaillimh é Michael áit ar bhain sé céim amach sa Stair agus Seandálaíocht.

Is baill é d’Institiúid do Seandálaithe na hÉireann, agus tá triocha bhliain do taithí aige mar seandálaí. Bhain sé amach an téarma cúig bhliain ar an Coiste Seandálaíochta don Comhairle Oidhreachta freisin.

D’oibrigh sé leis an Rannóg do Seaniarsmaí ins an Iarúsailéim agus don Clár Tochaltáin i Musaem Cathair Londain.

In Éireann d’oibrigh sé ar an Suirbhé Seandálaíochta Dún na nGall agus Suirbhé Seandálaíochta na Gaillimhe roimh é a bheith cheaptha mar comhstiúrthóir do na Suíomhanna Náisiúnta agus Taifead na Séadchomharthaí, Oifig na nOibreacha Poiblí do tréimhse deich mbliana.

Stiúraigh sé suirbhéanna agus tochailtí ar Cruach Phádraig agus dhein sé an árdtalún agus an limistéir intíre don Chósta Chonnachta a mhapáil. Faoi láthair tá sé ag caitheamh téarma leis an Comhairle Bhéaloideas Éireann.

Faoi láthair tá sé ag oibriú i turasóireacht oidhreachta aguus go speisialta i turasóireacht acadúil agus cultúrtha chuig Gleann na Bóinne agus Iarthar na hÉireann.

Fós bíonn sé ag obair mar seandálaí go príomháideach agus go minic bíonn sé rannpháirteach i comhdálacha seandálaíochta agus stairiúl in Éireann mar aon le leachtaí a thabhairt do chumann seandálaíochta agus stairiúla.

Beidh Michael ag cur síos ar a chuid taighde i gConamara. Beidh an léacht féin ar siúl in Ionad Marsh, (taobh thiar de Cheardlann an Spidéil) ag a 3.00i.n., 22ú Aibreán. Cuirtear fáilte roimh cách.

Má tá tuilleadh eolas ag teastáil uaimh is féidir glaoch a chuir ar Nuala ag 087 2270006