Deich lá le dul chun bhur Príomhscannán a chur isteach i Fleadh Scannaíochta Gaillimh

0
1393

Tá deich lá le dul chun bhur príomhscannán a chur chun cinn agus chuir isteach ar an Fleadh Scannánaíochta Gaillimh a mbeidh ar siúl idir an 10ú lá agus an 15ú lá de Mí Iúil 2018.

Is imeacht idirnáisiúnta a bhíonn ar siúl i Mí Iúil chuile bhliain é an Fleadh Scannaíochta Gaillimh agus maireann sé ar feadh 6 lá, go hiondúil i lár na míosa.

I mbliana táid ag briseadh ó traidisiún agus iad ag tabhairt chuireadh do Scannánóirí Gearradh Idirnáisiúnta chuir isteach ar an féile mar go bhfuil an Fleadh ag féachaint i dtreo an todhcaí.

Is clár é a tabhairfidh blaiseadh chun comhlánú an roghnú Éireannach atá bunaithe cheana féin é an clár idirnáisiúnta scannaíocht gearr.

An aidhm atá leis ná éagsúlacht, údaracht, agus fís trom do guthanna nua ó timpeall an domhain a léiriú.

Beidh Fleadh Scannaíochtaí Gaillimh ag céiliúradh a 30ú bliain i mbliana agus is ag dul i bhfeabhas atá sé ag dul chuile bhliain.

Dé hAoine an 30ú lá de Mí an Mhárta an lá dheireanach chun bhur chuir isteach ar an chomórtas le bhur príomhscannán. Tá costas €40 ar an iontráil agus is féidir íoc trí:

  • Paypal
  • Cártá creidmheasa/dochair (bíonn sé próiséailte ag Paypal agus mar sin bí ag faire amach do ‘íoc le cárta’ nó ‘logáil isteach mar aoi’ agus sibh ag íoc)

Chuirtear fáilte roimh cách maraon le scannáin i dteangacha difriúla ach caithfidh fo-theidil Béarla a bheith ar na scannáin sin. Freisin glacfar le chuile réimse de séanraí agus catagéir scannán.

Is féidir dul go https://vp.eventival.eu/gff/2018 chun bhur príomhscannán a chuir isteach ar an chomórtas.

Caithfear cuntas a cruthú ar dtús ionas go mbeidh sibh ábalta logáil isteach.

Chun tuilleadh eolas a fháil faoi na rialacha a bhaineann leis an comórtas agus aon ní eile atá ag teastáil is féidir dul go: www.galwayfilmfleadh.com/submissions/features/

Tá am fós agaibh bhur scannáin a dhéanamh níos fearr agus é a láidriú roimh chuir isteach ar an gcomórtas. Ádh mór oraibh go léir.