Sár agallamh tugtha ag Rós na Gaillimhe sa Dome aréir

0
978
Sár agallamh tugtha ag Rós na Gaillimhe ag Féile Idirnáisiúnta Trá Lí - Galway Daily

B’shin é deireadh Féile Idirnáisiúnta Rós Trá Lí do bhliain eile agus í imithe uainn chomh tapaidh is ar tháinig sí.

Sí Rós Port Láirge, Kirsten Mate Maher, a thug an bua léi sa deireadh aréir ag Féile Idirnáisiúnta Rós Trá Lí, agus níl dabht ar bith ann ach gur thug Rós na Gaillimhe sár agallamh ar stáitse an Dome aréir an 21ú Lúnasa.

Tháinig an bean óg (24) Deirdre O’ Sullivan amach ar stáitse aréir agus í chomh galánta leis an gúna gorm ó Geraldine O’ Meara Designs, a bhí á caitheamh aici.

Is léir ná raibh an Gaillimheach neirbhíseach ar bith agus í chomh compórdach ar an stáitse in aice an Ciarraíoch Dáithí ó Sé.

Labhair sí faoin turas a thug sí go Ghana níos luaithe i mbliana chun obair deonach a dhéanamh agus luaigh sí faoin tslí go mbaintear úsáid as an bata sa chóras múinteoireachta thall, rud a bhí anseo in Éireann ar feadh na blianta fada.

D’inis sí an scéal nach raibh sí féin chun an córas sin a úsáid agus labhair sí faoin leaid óg a fuair milséan mar go raibh sé go maith agus chonaic sí lasmuigh don doras é agus é ag iarraidh an milseán a bhriseadh ina ceithre cuid dá chairde uilig.

Críochnaigh Rós na Gaillimhe an oíche agus í ag seinnt an fliúit

Cé ná raibh an bua ag Rós na Gaillimhe bhí ana oíche agus seachtain aici agus muintir na Gaillimhe go léir chomh bhródúil aisti.