ROS ag iarraidh pátrún a cheapadh don Scoil Iar-bhunoideachais Nua

0
859
Galway daily news Three Galway schools join Creative Clusters collaboration

Tá an Roinn Oideachais agus Scileanna (ROS) ag féachaint le pátrún a cheapadh don Scoil Iar-bhunoideachais nua do Chathair na Gaillimhe/Órán Mór.

Tá Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin (BOOGRC) ag déanamh iarratais ar phátrúnacht agus déanfaidh siad é sin leis an múnla Coláiste Pobail.

Léiríonn an ROS tuiscint d’éileamh tuistí agus í ag roghnú pátrúin agus, dá bhrí sin tá BOOGRC ag lorg Léirithe Spéise tuistí mar chuid don iarratas.

‘Coláiste Chúil Each’ ab ea teideal an oibre – scoil trí mhéan an Béarla, le hAonad lán-Ghaeilge a bheas suite idir Oirthear Chathair na Gaillimhe agus Iarthar Órán Mór (Ceantar Chúil Each/Chnoc Mhaoil Drise).

Faoi réir éileamh tuistí a bheidh ann, scoil trí mheán an Bhéarla nó scoil trí mheán na Gaeilge (Gaelcholáiste)

Tá traidisiún sármhaitheasa fadbhunaithe ag BOOGRC san iar-bhunoideachas le ós cionn 100 bliain de taithí mar phátrún oideachais in Éirinn.

Faoi láthair tá BOOGRC ina phátrún de 20 Coláiste Pobail i gceantar na Gaillimhe agus Ros Comáin lena n-áirítear Coláiste na Coiribe, Coláiste Mhuirlinee/Merlin College, Coláiste Bhaile an Chláir agus Coláiste an Eachréidh.

Féachann samhail an Choláiste Pobail le freastal ar riachtanais oideachais, shósialta agus éagsúlachtaí an phobal áitiúl.

Soláthróidh Coláiste Pobail taithí oideachasúil a léiríonn riachtanais nua-aimseartha agus athruithe sa tsochaí agus ullmhóidh sé do leanbh do mhaireachtáil i ndomhan nua-aimseartha agus forásach.

Scoil choimhoideachas agus ilchreidmheach a bheas inti le héiteas ionchuimsitheachta pobalbhunaithe agsu leis na caighdeáin oideachais is airde.

Scoil ardteicneolaíochta a bheas inti chomh maith, ina mbainfear leas as na Teicneolaíochtaí Faisnéise agus Cumarsáide is úrnua.

Beidh sí tacúil do thuismitheoirí, múinteoirí, ionadaithe pobail agus leasanna bunscoileanna áitiúla mar lucht tionchair an-tábhachtach d’éiteas agus do threo an Choláiste.

Feidhmeoidh sí trí éiteas a léireoidh meas ar gach creideamh – idir reiligiúnach agus neamhreiligiúnach.

Is féidir do spéis a clárú ar shuíomh Gréasáin na Roinne Oideachais agus Scoileanna (ROS) anseo.