Peil Siúlóideach á thriail inniu i Leitir Fraic

0
930

Tá peil siúlóideach le bheith ar thriail i Leitir Fraic inniu, an Déardaoin 17ú lá de Mí an Mhárta, idir 3.i.n agus 4.i.n sa pháirc astro chun blaiseadh beag a thabhairt dóibh siúd a mbeadh suim ann.

Is imeacht saor in aisce atá i gceist leis an thriail agus tá sé oscailte do gach éinne teacht ba chuma faoin aois ach don chuid is mó táid ag díriú ar iad siúd atá níos aosta.

Dúirt Katie Codyre duine d’eagraitheoirí agus Oifigeach Forbartha Spóirt an imeacht seo,

“Táimíd ag súil go n-oibreoidh an thriail inniu agus ansin go mbeimíd in ann chlár sé seachtaine a chur le chéile dóibh siúd a mbeidh á lorg.”

“Beidh costas deich euro don chlár 6 seachtaine agus sé atá i gceist linn a dhéanamh ná go mbeadh sé ann dóibh siúd a bhfuil leibhéil aclaí teoranta nó leibhéil níos ísle acu.”

Do bhunaíodh an smaoineamh seo i Londain ar dtús d’iar imreoirí peile agus táid anois i Leitir Fraic á chur a cheann féin le chéile.

S’iad na rialacha a bheidh i gceist sa spórt seo ná ní bheadh aon rith agus ní bheadh teagmháil ar bith ar siúl. Beidh sé ar nós sacar gan an dhá phíosa riachtannach sin.

Ní gá d’éinne taithí a bheith acu le peil a imirt roimh ré mar is imeacht oscailte do gach duine atá i gceist. Beidh an Peil Súilóideach ar siúl lasmuigh sa pháirc astro chuile oíche.

Is i gcomhair leis an Comhpháirtíocht Spóirt Gaillimhe atá an imeacht seo ar siúl agus cheana féin tá siad taréis chlár sé seachtaine a chur le chéile i Mervue, áit a raibh an thriail acu Dé Máirt.

Is féidir tuilleadh eolas a fháil faoi an imeacht seo trí ríomhphost a sheoladh chuig Katie Codyre, csdo@galwaycoco.ie nó is féidir glaoch a chuir uirthi ag 0871642463.

Is deis iontach é seo do gach duine dul amach taithneamh a bhaint as an aer úr mar go bhfuilimid sa t-earrach anois, agus freisin chun buaileadh le daoine nua.