Páistí le Gaeilge agus Caitheamh Aimsire suimiúla á lorg ag Macalla Teo

0
1039
Macalla Teo á lorg páistí le Gaeilge - Galway Daily
Logo de chuid Macalla Teo

Tá Macalla Teo ag lorg páistí le Gaeilge labhartha maith agus caitheamh aimsire siumiúla acu.

Comhlacht léirithe neamhspléach é Macalla Teo agus faoi láthair táid ag lorg páistí le Gaeilge agus caitheamh aimsire do chlár atáid ag obair air.

Tá Macalla Teo ag obair ar chlár nua do pháistí do TG4 faoi láthair agus tá siad ag lorg páistí óga idir 7 agus 14 le Gaeilge agus caitheamh aimsire spéisiúl acu.

Ba chuma cén sort caitheamh aimsire a bheas i gceist, mar shampla,, cadhcáil, galf, iascaireacht, seoltóireacht, feirmeoireacht, ceol, leadóg, leadóg boird, badmantan, pionsóireacht, rothaíocht, damhsa, ealaíon, códú ríomhaire, agus a thuilleadh eile.

Má tá spéis ag do pháiste páirt a glacadh is féidir ríomhphoist a sheoladh chuig Paddy ag moshaoltg4@gmail.com