Oifigeach Conamara théis seasamh siar mar Coimisinéir na nGardaí

0
994
Galway Daily news Missing 67 year old man found safe and well

Tá oifigeach Conamara théis seasamh siar mar Coimisinéir na nGardaí agus b’é Drew Harris a bheas ag glacadh an ról sin anois.

B’é an fear ó Carna, Dónall Ó Cualáin a raibh ceaptha sa ról i Mí Meán Fomhair seo chaite nuair a d’éirigh Nóirín O’ Sullivan as an phost théis an scannal ollmhór a bhí bainteach léi.

Bhí scannal mór bainteach le O’Sullivan agus Martin Callinan a bhí sa ról roimh O’Sullivan, ar nós an feachtas smearadh líomhnaithe i gcoinne an gharda Maurice McCabe, falsú dos na mílte tástálacha anála, agus an scannal fabhtála GSOC.

I gcomparáid le sin, bhí tionacht measartha ciúin ag Ó Cualáin mar Coimisinéir, le maoirseacht a dhéanamh aige ar thabhairt isteach na n-athchóirithe arna leagan amach ag Coimisiún athchóirithe an Gharda Síochána, agus ag plé leis an achrann leanúnach idir Hutch-Kinnehan, a d’éiligh 14 saol go dtí seo.

Bhí dualgais an Choimisinéara á dhéanamh aige ar feadh roinnt seachtainí roimh éirí as Uasal O’ Sullivan fad is a bhí sí ar saoire.

Bhí ó Cualáin soiléir ón tús nach raibh sé ar intinn aige seasamh buan an Choimisinéara, agus bhí sé sásta gníomhú mar chúramóir fad is a bhí an rialtas ar bun an phróiséis fada agus iad ar thóir chomharbaí Uasal O’ Sullivan.

Tá sé á chur ina ionad mar Choimisinéir ag an iar-oifigeach PSNI, Drew Harris, a bhfuil geallta aige dul ar aghaidh leis an nGarda Síochána a athchóiriú, agus é a dhéanamh níos trédhearcaí.

Bhí an t-aistriú oifigiúl ar siúl ag meán oíche Dé Domhnaigh ag Ceanncheathrú na Roinne i Kevin Street.