Aisling Peileadóirí na Gaillimhe Goidte agus Stair Bainte amach ag an Ríocht

0
826
7 ainmniúchán faighte ag peileadóirí na Gaillimhe - Galway Daily

Bhí Aisling peileadóirí na Gaillimhe goidte uathu inné agus stair bainte amach ag an Ríocht.

Cé go raibh cluiche den scoth ag foireann na Gaillimhe, ní rabhadar in ann an bheart a dhéanamh agus a chuid Aisling goidte ag Ciarraí.

Thug foireann mionúir na Gaillimhe aghaidh ar Chiarraí i Cluiche Ceannais Mionúir Craobh na hÉireann ar an Domhnach 2ú Meán Fomhair agus iad ag iarraidh stop a chur le fir na Ríochta a bhí ar thóir cúig teideal as a chéile a bhaint amach.

Bhí foireann na Gaillimhe ar thóir an chéad teideal ó 2007 a bhaint amach agus iad ag súil leis an bheart a dhéanamh inné áit a raibh an Ríocht ag súil le píosa beag staire a bhaint amach.

Thug peileadóirí na Gaillimhe an cluiche chuig an Ríocht agus iad chun cinn le ceithre cúilín ag dul isteach sa seomra feistis ag leath-am.

Is iad peileadóirí na Ríochta a thosaigh amach níos fearr agus bhíodar 3 cúilín chun tosaigh leis an scórlíne 0-04 go 0-01 ag an 10ú nóiméad ach de réir mar a raibh an clog ag sleamhnú bhí muinín foireann na Gaillimhe ag éirí níos láidre.

Thóg Gaillimh seilbh ar an cluiche idir an 11ú agus 22ú nóimeád ag scóráil 6 pointe gan fhreagra agus báide rud a d’fhág foireann na Ríochta i dtrioblóid.

Bhí an cuma air go raibh Aisling foireann na Gaillimhe ar tí tárlú agus iad ag dul isteach sa seomra feistis leis an scórlíne 1-09 go 0-08.

Ní mar a shíltear a bítear áfach agus tháinig an Ríocht amach le níos mó troid iontu sa dara leath agus iad ag thaispeánt charactair agus caighdéan chun seilbh a thógaint ar an cluiche arís. Is acusan a bhí an lá sa deireadh agus stair bainte amach acu.

Is iad foireann Míonúir Ciarraí an chéad foireann fearaibh idir iománaíocht agus caide atá théis cúig teideal as a chéile a bhaint amach.

An scór dheireanach sa cluiche ná Ciarraí 0-21 Gaillimh 1-14.

Cé ná raibh an bua ag foireann mionúir na Gaillimhe inné níl dabht ar bith ann ach go mbeidís thar nais agus go bhfuil todhchaí geal geallta don chuid is mó dóibh.