Oíche Mór Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh nach mór buailte linn

0
690
Gradaim Sheosaimh Uí Ógartaigh - Bronnadh Oíche

Ta oíche mór dos na buaiteoirí Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh nach mór buailte linn.

Beidh oíche mhór ar súil nuair a fhógróidh an tAire Stáit Seán Kyne TD do Ghnóthaí Pobail, Achmhainní Nádúrtha agus Forbair Dhigiteach, buaiteoirí chatagóirí agus buaiteoirí iomlána Ghradam Sheosaimh Uí Ógairtaigh 2018.

Le laethanta beaga anuas tá na cúig ghnólacht déag atá ar Gearrliosta an Ghradaim á n-ullmhú féin don searmanas speisialta bronnta a bheidh ar siúl Déardaoin, an 24ú Bealtaine ag 6.30i.n. in Óstán Bhóthar na Trá, Gaillimh.

I mbliana tá Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, Gradam Gnó Dátheangach na Gaillimhe ar an bhfód le sé bliana déag. Tugann an gradam seo aitheantas agus údar ceiliúrtha do ghnólachtaí agus d’eagraíochtaí i gCathair na Gaillimhe as an nGaeilge a úsáid ina ngnó ar bhonn laethúil.

Ag an ócáid seo chomh maith, bronnfar ‘Duais Aitheantais Pheadair Uí Fhlatharta’ don chéad uair thar ceann Bhord Stiúrtha Ghaillimh le Gaeilge agus i gcomhpháirtíocht le ‘Fiontar & Scoil na Gaeilge’, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

Sheol Uachtarán Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, Duais Aitheantais Pheadair Uí Fhlatharta ag fógairt Gearrliosta an Ghradaim an mhí seo caite in Áras na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann Gaillimh.

Ba é Peadar an chéad chathaoirleach agus ball bunaithe Ghaillimh le Gaeilge agus ba é a leag síos an bhunchloch d’fheimiú na heagraíochta.

Tá na píosa dealbhóireachta don Duais Aitheantais deartha go speisialta ag an ealaíontóir cáiliúil Pádraic Reaney, sean-chara é Pádraic le Peadar.

Bronnfar é ar dhaoine nó ar eagraíochtaí a bhfuil sár-iarracht déanta acu maidir le húsáid na Gaeilge agus nach bhfuil bainteach le Gradam Sheosaimh Ui Ógartaigh.

Dúirt Bríd Ní Chonghóile ó Ghaillimh le Gaeilge:

“Bíonn muid ag tnúth go mór leis an ócáid seo chuile bhliain mar go dtugann sí deis dúinn an obair mhór dhátheangach atá á dhéanamh ag gnólachtaí agus ag eagraíochta i gCathair Dhátheangach na hÉireann a chéiliúradh agus a thaispéaint.

“Tá an-bhród orainn freisin comóradh a dhéanamh ar an gcéad chathaoirleach agus ball bunaithe Ghaillimh le Gaeilge, an Dr. Peadar Ó Flatharta ag an ócáid i mbliana.

“Gach bliain, bíonn muid ag smaoineamh an mbeidh an Gradam chomg maith i mbliana agus a bhí sé an bhliain roimhe sin agus níl amhras ar bith ach go bhfuil.

“Is iad na daoine a bhíonn páirteach ann a thugann an spreacadh agus an fuinneamh speisialta don Ghradam. Tá sé iontach a thabhairt faoi deara go bhfuil sé ag dul ó neart go neart agus ag bogadh chun cinn chomh maith le bheith in oiriúnt do shaol gnó an lae inniu.”

Beidh ainmneacha na mbuaiteorí faoi rún go dtí tráthnóna Déardaoin nuair a dhéanfaidh an tAire Stáit Seán Kyne TD do Ghnóthaí Pobail, Achmhainní Nádúrtha agus Forbair Dhigiteach iad a fhógairt!

Is féidir an t-eolas ar fad faoina bhfuil ag tárlú agus faoin nuacht is deireanaí ar leathanaigh Facebook agus Twitter Ghaillimh le Gaeilge. Breathnaigh ar chainéal Youtube Ghaillimh le Gaeilge chun na físeáin den Ghearrliosta a fheiscint.

Táthar ag tnúth le oíche mhaith ar an Déardaoin beag seo leis na buaiteoirí uilig.