Oíche Mór Céilí á reáchtáil ar an 21ú Meán Fómhair

0
851
Céilí Teaghlaigh

Tá Oíche Mór Céilí á reáchtáil ag Gaeilge Maigh Cuilinn ar an 21ú Meán Fómhair.

D’fhógair rúnaí Coiste Plean Teanga Maigh Cuilinn, Gearóidín Mhic Dhiarmada go bhfuilidís ag reachtáil Céilí leis an mbanna ceoil Cogar agus beidh sé ar siúl ar an Aoine, 21ú Meán Fómhair i Maigh Cuilinn.

“A Chairde

“Beidh Céilí ar siúl i Halla Mór Scoil Mhuire ar 7.i.n.”

“Reáchtáilfear an Céilí seo mar chuid den Oíche Cultúir Náisiúnta a bheas ag tárlú ar fud na tíre.

“Is annamh a bhíonn Céilí i Maigh Cuilinn, ach ceaptar go mbíonn a leithéid an-spraoiúil, agus is cuid d’ár gcultúr é, cinnte.

“Ba dheas na seiteanna agus an ceol agus an damhhsa a bheith ar bun sa pharóiste agus seans ag daoine páirt a ghlacadh iontu, agus ba cheart an gné seo den chultúir a léiriú don aos óg.”

Táthar ag tnúth go dtiocfaidh slua maith idir óg agus aosta go dtú an céilí, gasúir agus tuistí go h-áirithe, agus oíche lán de spóirt agus spraoi beartaithe.

Ta tacaíocht ag dul don ocaid seo ó

Oireachtas na hÉireann

Foras na Gaeilge

An Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnothaí Réigiúnach, Tuaithe agus Gaeltachta.

Buiochas leo.