Ócáid ar siúl i gCarna in omós do Mhná an Atlantaigh agus Imirce

0
978
Ócáid ar siúl i gCarna in omós do Mhná an Atlantaigh agus Imirce - Galway Daily

Beidh ócáid ar siúl an deireadh seachtaine seo, 5ú – 7ú Deireadh Fómhair i gCarna in omós do mhná an Atlantaigh agus an imirce.

Ócáid a bheas ann ar an 5ú, 6ú agus 7ú lá de mí Dheireadh Fómhair in Ionad Chuimhneachán na nImirceach, Carna a thugann omós do mhná Chonamara agus an bhaint a bhí acu leis an imirce.

Amárach an 5ú Deireadh Fómhair ag a 6.30i.n beidh Oscailt Oifigiúil na Comhdhála agus Taispéantas Ealaíona de chuid mhná an cheantair ar siúl le Micheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach ar Údarás na Gaeltachta. Beidh seo ar siúl i Halla an Mhéara Walsh.

Ina dhiadh sin beidh tae/caife agus soláistí ar fáil i Seomra Mhuintir Loideáin thart ar a 7i.n.

Ar an Satharn ansin lá gnóthach a bheas i gceist leis an clárú idir 9r.n agus 10r.n ins an Halla Fáiltithe. Idir a 10r.n agus 4.30i.n. beidh cainteanna agus rudaí á phlé.

Beidh lón ar fáil idir a 1i.n agus 2i.n. agus istoíche ansin ar an Satharn beidh Ceolchoirm ar siúl i Halla an Mhéara Walsh, áit a bheidh amhráin Ghaeilge agus amhráin Bhéarla a bhaineann leis an imirce.

Dé Domhnach ansin ag a 12.15i.n san Ionad beidh tae/caife/sóláistí agus comhluadar ar fáil le ceol á chasadh ag ceoltóirí óga as an gceantar.

Tá táillí áirithe ag baint leis an Comhdhála, ach, amárach an 5ú Deireadh Fómhair beidh an oíche saor in aisce.

Dé Satharn cosnaíonn an lá iomlán (idir 10r.n – 5i.n.) €20 agus tá costas €10 ar leath lae (idir 2.30i.n – 5i.n.) Tá costas €10 ar an Ceolchoirm a bheas ar siúl oíche dé Satharn.

Lá saor in aisce a bheas ann maidin Dé Domhnaigh áit a chuirfear tae, sóláistí agus ceol ar fáil.

Tá Óstán Chuan Charna suite i bhfoisceacht 5 nóiméad siúil d’Ionad Cuimhneacháin na nImirceach. Tá an tÓstán ag tairiscint ráta speisalta do dheireadh seachtaine na Cómhdhála agus sin, 2 oíche leaba agus Bricfeasta agus Dinnéar amháin ar chostas €99. Is féidir teaghmháil a dhéanamh leis an Óstán féin ag 095-32255.

Más mian libh an clár iomlán Mná an Atlantaigh agus an Imirce a fheiscint is féidir an nasc seo a leanúint.