Nodanna beag chun ullmhú don Béaltrial Gaeilge

0
749
Béaltrial Gaeilge

Leis an Cáisc imithe uainn agus an Samhradh nach mór anseo tá na daltaí Ardteistiméireachta ar fad faoi bhrú ollmhór agus iad ag druidim i dtreo deireadh na bhliana sa scoil. Faoi láthair tá an béaltrial Gaeilge ar siúl agus na daltaí ar fad faoi strus agus iad ag ullmhú don scrúdú.

Ó a thiarcais is cuimhin liom go maith an strus agus an bhrú a bhíonn ar na daltaí sna seachtainí roimh agus suas chuig lá an béaltrial. Seacht mbliana atá ann anois ó dheineas féin an scrúdú béal (anois braithim sean) ach é sin ráite nuair a bhím ag smaoineamh siar air tá rudaí a dheineas sa scrúdú ag an am nach ndéanfainn anois.

Ag smaoineamh siar ar an lá sin bhíos lán go barra le strus mar go raibh an béaltrial Fraincíse agam roimh an Ghaeilge agus caithfidh mé a rá gur chuireas iomarca béime ar an Fhraincís mar ní raibh aon mhuinín agam féin i mo chumas an Fhraincís a labhairt.

De bharr an béím ar fad a chuireas ar an Fhraincís chughas isteach sa scrúdú Gaeilge agus an céad rud a duaireas ná Bonjour Monsieur, in ionad Dia dhuit – conas taoi? Tosach maith leath na hoibre nach ea? Tosach úafásach a bhí ann dom ach buíochas le dia nár imigh an scrúdú ar fad chomh olc leis an slí ar thosaigh sé.

Ag labhairt leis na daltaí eile a bhí in aice liom ar an lá sin ag fanacht leis an scrúdú, bhí an tuairim chéanna againn ar fad faoin béaltrial. Bhraitheamar go rabhamar ar fad ag dul go faoistine fiú nach raibh rud ar bith le bheith buartha faoi leis an scrúdú béal.

Is comhrá beag é idir tú féin agus an scrúdaitheoir agus cé go mbíonn ana chuid ráite faoi roimh an lá níl sé chomh olc agus a cheapann daoine go mbíonn go háirithe má bhíonn an ullmhúchán ar fad déanta roimh ré. Seo a leanas mo nodanna féin don béaltrial.

  • Ná bí buartha faoi rud ar bith – is deis iontach é daoibh chun bhur chuid Gaeilge ar fad a úsáid.
  • Níl an scrúdaitheoir ann chun sibh a bhreith amach – teastaíonn ón scrúdaitheoir an méid marcanna agus is féidir a thabhairt daoibh ach caithfidh sibh iarracht maith a dhéanamh comhrá a bheith agaibh leis nó léi.
  • Bígí ag cleachtadh pé slí agus is féidir – fiú uair a chloig san oíche ag caint Gaeilge le do thuismitheoirí/deartháireacha/deirfiúracha.
  • Bain úsáid as an am lasmuigh don seomra ranga go cliste – ní bhíonn ach uair a chloig múinte Gaeilge in aghaidh an lae don chuid is mó agus mar sin chaithfear cleachtadh maith a dhéanamh lasmuigh don rang.
  • Bíodh muinín agaibh as bhur chumas an Gaeilge a labhairt -ní bhíonn gach duine riamh ar an leibhéal chéanna ach bíodh muinín agat féin ar do chumas.
  • Ullmhaigh chuile rud roimh ré. Bíodh fhios agat cad ba mhaith leat a rá agus an slí ba mhaith leat an comhrá dul ach é sin ráite ná bíodh iomarca ullmhaithe agat ach oiread.
  • Éistigí leis an cheist a chuireann an scrúdaitheoir ort – go minic nuair a bhíonn aistí réidh le dul ag daltaí ní éistíonn siad leis an cheist a chuireann an scrúdaitheoir orthu agus téann siad síos bóthar eile ar fad.
  • Ná bí neirbhíseach agus baint sult as  tapaidh an deis do chumas an Ghaeilge a labhairt a thaispeánt.
  • Más mian leat caint faoi rud ar bith spéisiúl déan iarracht an comhrá a threorú sa slí sin – is féidir sin a dhéanamh trí an ábhar a lua agus dóchas a bheith agat go piocfaidh an scrúdaitheoir suas ar sin.

Mar focal scor, déan iarracht taithneamh a bhaint as an béaltrial mar níl ann i ndáiríre ach comhrá idir tú féin agus an scrúdaitheoir a bhíonn i bhfad níos éasca nuair nach bhíonn tú neirbhíseach. Ádh mór leis na daltaí Ardteistiméireachta go léir atá ag déanamh an béaltrial an tseachtain seo.