Níos mó ná €69 míle ceadaithe ag an Aire Stáit McHugh do Mhuintearas Teo

0
853
Deontas ceadaithe chun Pháirc an gCeathrú Rua a gcoimeád gearrtha - Galway Daily

Tá Deontas €69,196 ceadaithe ag an Aire Stáit McHugh do Mhuintearas Teo. chun an Clár Aclaíochta agus Spóirt a chur ar fáil don scoilbhliain 2018/2019

D’fhógair Joe McHugh T.D., Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin inniu, 13 Meán Fómhair,  go bhfuil deontas suas le €69,196 ceadaithe aige do Mhuintearas Teo. chun an Clár Aclaíochta agus Spóirt a chur ar fáil don scoilbhliain 2018/2019 i scoileanna faoi leith i nGaeltacht Chonamara.

“Fríd an Chlár Aclaíochta agus Spóirt atá á riaradh ag Muintearas Teo, tugtar cuidiú breise do scoileanna chun deiseanna sealbhaithe agus saibhrithe teanga a chruthú do pháistí,” a dúirt an tAire Stáit McHugh.

“Is beart praiticiúil é dá réir, atá ag tacú leis an Phróiseas Pleanála Teanga agus an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta fosta.”

Is faoi Ghníomh 2.20 – An Clár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga – de Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 an Rialtais do chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge atá an deontas á cheadú.