Naoi lá le dul roimh Féile Traidphicnic ins an Spidéal

0
1259
Naoi lá le dhul roimh Féile Traidphicnic - Galway Daily

Meastar go leanfaidh an ghrian agus an teocht ar aghaidh ar feadh ar laghad deich lá eile. Bheadh sin oiriúnach do Féile Traidphicnic a bheas ar siúl i gceann naoi lá.

Ceol, craic, rince traidisiúnta Gaelach, físealaíona agus ceardaíocht maraon leis an ghrian ag scoilteadh na gcloch, gan dabht ní fhéadfá níos mó a lorg.

I gceann naoi lá reachtáilfear Féile Traidphicnic i sráidbhaile an Spidéil ar an Aoine, Satharn agus Domhnach, 6-8 Iúil 2018.

Tá an Féile álainn seo ar an bhfód anois le seacht mbliana agus chun an seachtú bliain a chéiliúradh tá clár den scoth acu le éiteas faoi leith, ‘íoc an méid is féidir leat’.

Is céiliúradh í an fhéile dhá-theangach seo d’ár gcultúr bríomhar agus d’ár dtraidisiún spleodracha.

Seolfaidh an Traidphicnic ag 2.30i.n. ar an Aoine 6ú Iúil ón stáitse agus cuirfear fáilte roimh ceoltóirí idir óg agus aosta páirt a glacadh sa seoladh. Más mian le ceoltóirí ar bith a bheith páirteach sa seoladh is féidir leo na tiúineanna a fháil agus a fhoghlaim ón suíomh http://traidphicnic.com/tionol.html

Tá réimse leathan gigeanna fógartha le bheith ar siúl ag An Traidphicnic i rith an deireadh seachtain, ina measc sin beidh:

  • De Danann (Frankie Gavin, Alec Finn, Aidan Coffey, Colm Murphy & Dolores Keane)
  • Seosamh Ó Neachtain, Lisa O’ Neill & Jesse Smith
  • Alec Finn, Cian Finn, Kathleen Loughnane & Catriona Cannon
  • Nóirín Ní Ghrádaigh, Colm Devane, Monica Strogen & Kevin Corbett
  • Jimi Ó Ceannabháin, Micheál Ó Confhaola, Tomás Neachtain
  • Johnny Mháirtín Learaí Mac Dhonnchadha, Stiofán Ó Cualáin
  • Meaití Jó Shéamuis Ó Fátharta
  • Cogar
  • The McCarthy Family
  • Banna Céilí Cogar
  • Harpanno
  • ALFI
  • Navá
  • Ceoltóirí Chois Fharraige

Beidh deis ag chuile duine, idir óg agus aosta páirt a glacadh i ngníomhaíochtaí éagsúla ar nós ceardlanna ceoil, damhsa ar an sean-nós agus drumadóireachta, déanamh seodra, spraoi le móin, scileanna sorcais, portaireacht bhéil, spraoi le cré, scéalaíochta, sníomh olla, taispeántas agus ceardlanna ealaíne agus ceardaíochta.

Beidh ceardlanna ceoil, damhsa agus amhránaíocht ar bun le múinteoirí den scoth.

I mbliana tá trí Togra Físealaíne Comhaimseartha nua acu,

  • ‘Deasghnátha an Chroí’ le Ealaíontóirí Tim Kelly, Aoife Casby, Lelia Ní Chathmhaoil, Andrea Rossi, Nuala Ní Fhlathúin.
  • ‘Macalla an Mhíl Mhóir’ le Noel Arrigan & Gabriel Henry.
  • ‘Crann Beatha’ le Forge Clay Studio.

Labhair Bridge Barker, Cathaoirleach an Coiste Traidphicnic faoin tslí ina bhfuil an Féile ag cabhrú leis an Ghaeilge a chur chun cinn mar aon leis an béim a táthar ag cur ar an timpeallacht.

“Sí 2018 Bliain na Gaeilge agus mar sin más ag foghlaim na teanga atá tú nó ag triail feabhas a chur ar do chuid Gaeilge, seo é do sheans chun cúpla focal a labhairt.

“Tá nathanna Gaeilge againn duit agus treoir maidir le conas iad a fhoghrú mura bhfuil mórán cur amach agat ar an nGaeilge go fóill.

“Táimid ag déanamh an oiread agus is féidir linn i mbliana chun cur le glaise na féile, agus tá sé i gceist againn leanúint leis an cur chuige sin sna blianta atá romhainn.

“Ba mhaith linn dá dtabharfá leat cupán is féidir a úsáid arís. Mar chuid den fheachtas ‘meabhrach ar chupáin’ tabharfaidh ár gcuid díoltóirí lascaine bheag duit.

“Beidh araidí athchúrsála ar an láthair, a bhuíochas le Barna Waste. Mura bhfuil tú cinnte cé na rudaí is féidir a athchúrsáil, cuir ceist ar dhuine d’oibrithe deonacha Traidphicnic, dream a mbeidh áthas orthú cuidiú leat.

“Tá 100 crainn óg dúchasach tugtha ag Coillte dúinn i gcomhair lucht féachana na féile. Beidh an scannánóir Bob Quinn, fearr a chreideann go diongbháilte i gcrainn a chur, ag tabhairt cainte uaidh ar an Domhnach faoi chur crann agus gheobhaidh na daoine sa lucht éisteachta crann le tabhairt abhaile leo.

“Nuair is féidir, táimid ag baint úsáid arís as seanchomharthaí bóthair, rud a ghearrfaidh siar ar úsáid pháipéir.

“Tá lucht Traidphicnic thar a bheith díograiseach faoinár gcultúr a choinneáil beo, agus táimid chomh díograiseach céanna faoin bplainéad a choinneáil beo do na glúine a thiocfaidh inár ndiadh.

“Bímís ag obair le chéile agus coinnímis an plainéad seo glas. Is mór an tacaíocht a thugann pobal an cheantair dúinn, agus iad flaithiúil le duaiseanna raifil, ag freastal ar na himeachtaí tiomsaithe airgid, ag tabhairt urraíochta ag cur síntiús sna buicéid nó ag tabhairt tacaíocht i gcabhair dúinn – cathaoireacha ar iasacht, cóiríocht do cheoltóirí atá tagtha ó cheantair eile agus cúnamh maidir leis na bearnaí a líonadh.

“Ba mhaith linn buíochas a ghabháil leo siúd a thug maoiniú Stáit dúinn agus lenáir gcuid oibrithe deonacha a thugann an-tacaíocht dúinn i gcónaí. Gabhaimid buíochas le Stiúideo Cuan agus le Údarás na Gaeltachta as ligint dúinn a n-áitreabh agus a gcuid talún a úsáid ar feadh an deireadh seachtaine agus le lucht na ceardlainne as an gcúnamh uathu.

“Ní déanaimís dearmad ar Raidio na Gaeltachta agus ár lucht leanúna ar Facebook agus Twitter a choinníonn súil ghéar orainn.

Ní féile Saor in Aisce í seo: tá lucht na mbuicéad anseo chun airgead a bhailiú ionas go mbeimid in ann íoc as féile na bliana seo agus na bliana seo chughainn. Ba mhaith linn coinneáil leis an eiteas ‘tabhair an méid is féidir leat’.

“Iarramid ort meas a bheith agat ar an obair a dhéanaimid agus do chion fein a thabhairt. Tá nasc lénár gcuntas PAYPAL ar shuíomh gréasáin Traidphicnic.

“Míle buíochas leo siúd a bhfuil airgead aistrithe acu chuig an gcuntas sin cheanna féin,” a dúirt Bridge Barker.

Is féidir tuilleadh eolas a fháil ó www.traidphicnic.com nó ríomhphoist a sheoladh chuig traidphicnic@gmail.com.

Táthar ag comhaireamh síos anois agus naoi lá le dul roimh an féile Traidphicnic áit a táthar ag súil le deireadh seachtaine iontach lán do craic, ceol, gaeilge atá tuartha agus le cúnamh dé leanfaidh an ghrian ar aghaidh ag scoilteadh na gcloch.