MOLSCÉAL ar Bhóthar Rathúil le 1,000,000 Amharc Físe idir Meán Fómhair 2017 agus Aibreán 2018.

0
990
Molscéal - bhóthar

MOLSCÉAL ar bhóthar rathúil le 1,000,000 amharc físe idir Meán Fomhair 2017 agus Aibreán 2018.

Inniu an lá dheireanach do MojoFest, agus bhí an áthas ag MOSCÉAL a bheith páirteach sa lá. Féile 3 lá a bhí i gceist le MojoFest leis an comhdháil ar siúl in Ollscoil na hÉireann Gaillimh, sa Bailey Allen Auditorium.

Tháinig painéil cainteoirí mar aon le taispeántóirí le chéile ó ar fud na cruinne, chun a chuid scéalta agus a chuid físe a roinnt faoi thodhchaí Mojo agus an forbairt atá fós le teacht idir trealamh agus aipeanna.

B’é Glen Mulcahy iar oibreoir le RTÉ a d’eagraigh an Féile, féile a thosaigh ar dtús ceithre mbliain ó shin, i mBaile Átha Cliath, sa bhliain 2016 thart ar an t-am chéanna a tháinig an Persiscope amach rud a luaitear inniu.

Chuireadh an cheist ar maidin an raibh Mojo ar tí bhás a fháil ach bhí painéal láidir ina gcoinne an tuairim sin.

Tógra amháin a léiríonn nach bhfuil Mojo ar a chosa dheireanach ná MOLSCÉAL, a thosaigh níos lú ná bliain ó shin.

Tá scéalta MOLSCÉAL dírithe ar an chroí lucht féachanna, iad siúd a bhfuil an Ghaeilge mar ghnáth-theanga labhartha acu – ag mealladh an t-aois grúpa 35+.

Labhair Eagarthóir MOLSCÉAL, Deirdre Ní Choistín, atá théis a croí agus a n-anam a chur isteach sa tógra MOLSCÉAL ón tús faoin forbairt atá déanta acu go dtí seo agus í lán cinnte go bhfuil níos mó fós le teacht.

“Nílimid fiú bhliain ar an mbóthar agus tá thart ar 1,000,000 daoine ag amharc ar na físeán ar-líne.

“Seo díreach tús Mojo le haghaidh TG4 le thart ar 74,000 do lucht leanúna againn.”

Spás iontach é Molscéal do mhuintir na Gaeltachta, ó fud fad na tíre, ó Chiarraí go Tír Chonaill agus síos go dtí an Rinn i Phort Láirge.

Tugann MOLSCÉAL an deis do saoririseoirí a chuid scileanna a úsáid tríd tograí a thaifead don árdán méan soisialta.

Is féidir MOLSCÉAL a leanúint ar na hárdán Facebook, Instagram agus Twitter agus táid ag súil le Aip a bheith acu gan moill.

Ceann dos na buntáistí a bhaineann le MOLSCÉAL dar le Deirdre ná na fotheidil a bheith i mBéarla agus i nGaeilge ionas lucht féachana leathan a mhealladh,

“Tháinig mé suas leis an smaoineamh na fotheidil a chur suas i mBéarla agus i nGaeilge agus an gcreidfá ní fuaireas gearán amháin faoi.

“Nuair a thosaíonn tú ag léamh na fotheidil i teanga amháin leanóidh tú ar aghaidh sa teanga chéanna.”

Is léir mar sin nach chuireann na fotheidil dhátheangach ar an scáileán isteach ar an lucht féachana. Árdán iontach nuálach atá ag iarraidh na scéalta is fearr agus is suimiúla dá chuid lucht féachanna a cruthú.

“Táimid ag iarraidh na scéalta gur mian leis an lucht féachanna faire air a cruthú, in ionad na scéalta a cheapaimís fhéin a mbeadh suim acu iontu.”

Is léir go bhfuil Deirdre Ní Choistín, Eagarthóir MOLSCÉAL agus an foireann saoririseoirí ar fad ag iarraidh a chuid lucht féachanna a shásamh tríd na scéalta atá uathu a thabhairt dóibh agus gan dabht tá MOLSCÉAL ar bhóthar rathúil le sin.

Guíonn an foireann ar fad anseo i Galway Daily gach rath ar an aistear atá ar mbun ag MOLSCÉAL agus go n-éirí libh sna Sockies a bheas ar siúl go luath.