Mianaigh Gleann Gabhla ath-oscailte

0
1133

Leis an Gheimhreadh imithe uainn agus an tEarrach buailte linn tá Mianaigh Gleann Gabhla taréis athoscailt in am don blúire beag ghrian atá le teacht.

D’oscail na doirse arís i Mianaigh Gleann Gabhla inné an 18ú lá de Mí an Mhárta agus beidís ar oscailt chuile lá in aghaidh na seachtaine anois go dtí Mí na Samhna óna 10r.n. go dtí 6i.n. leis an turas deireanach ag a 5i.n.

Taobh thíos do Sléibhte Chonamara tá slite beatha tréigthe agus beagnach dearmad déanta orthu agus iad ag fanacht ort iad a thaiscéal.

Tugtar turasanna treoraithe faoin dtalamh don t-aon mianaigh léirithe agus Iarsmalann i gConamara. Is meabhrúchán do modhanna asbhainte agus próiséal méine sa 19ú céad iad na mianaigh a bhí tréigthe in 1865.

Lig don foireann ag mianaigh Gleann Gabhla tú a thabhairt ar aistear aimsithe ón slí a dheineadh luaidhe agus airgead a mhianiú ó na phréamhacha don na Sléibhte i gConamara sa 1800’idí.

Tá na Mianaigh Gleann Gabhla lonnaithe ar feirm oibre agus is féidir taispéantas aoireacht madraí caoraigh agus gearradh móine a fheiscint trí sin a chur le do thuras. Is féidir sin a dhéanamh trí glaoch a chur ar Keith ar 0872529850.

Is feirm oibre é Gleann Gabhla agus is féidir leat cuairt a thabhairt ar na capaillín Chonamara, buaileadh leis an madra caoirigh Bob agus na h-uan a pheata.

Is féidir an deis a thógaint freisin chun siúl go fóillíochta tríd an bhfeirm ar chuid don líne iarnród Chonamara atá tréigthe agus chuid don fána agus flóra áitiúl a fheiscint.

Más mian libh lá a dhéanamh sna mianaigh Gleann Gabhla is féidir picnic a thabhairt libh agus é a ithe ar suíomh.

Tá Siopa Bronntanas, Soláistí, agus Áit Chun Suí lasmuigh, Iarsmalann, & Páircéail Saor in Aisce ar fáil ar suíomh freisin.

Chun tuilleadh eolas a fháil faoi Mianaigh Gleann Gabhla téir chuig:glengowalmines.ie/index.htm