Méanscoil Nua á oscailt ag Educate Together i nGaillimh i 2019

0
1107
Galway Daily news Galway Educate Together National School among 17 schools found with structural issues

Beidh Méanscoil nua á oscailt ag Educate Together i nGaillimh i 2019.

Beidh an scoil nua a bheas oiriúnach do suas go 1,000 dalta á oscailt i cóiríocht shealadach.

Faoi láthair tá an Roinn Oideachais agus Scileanna ag obair ar an mbuansealbhú láithreán agus ar an chóiríocht shealadach don scoil – níl ceachtar acu deimhnithe go fóill.

Táthar ag earcú príomhoide don scoil fé láthair agus is féidir tuilleadh eolas faoi seo a fháil anseo.

Dé Luain seo chughainn an 3ú Nollag a bheas tús á chur le clárú don Méanscoil Educate Together.

Seo a leanas cúpla pointe eolas maidir leis an clárú agus dátaí tábhachtach.

  • Beidh foirmeacha clárúcháin ar fáil ó Dé Luain an 3ú Nollag 2018.
  • Caithfidh chuile gné den foirm clárúchán a bheith líonta i gceart ag na tuismitheoirí/caomhnóirí don dalta a bheas á clárú.
  • Is féidir na foirmeacha a líonadh go leictreonach ar an suíomh idirlín atá ag Educate Together ó Dé Luan an 3ú Nollag 2018.
  • Is dóibh siúd a bheas ag freastal ar an gcéad bhliain amháin a ndéanfar na foirm iarratais a ghlacadh.
  • An dáta dheireanach a beifear ag glacadh le foirm iarratais ná an 31ú Eanair ag 5i.n.

Is féidir tuilleadh eolas a fháil ón suíomh idirlín Educate Together.