MA Nua á thosnú le comhoibriú ó OÉ Gaillimh agus RTÉ

0
853
Galway Daily news €1,000 reduction in college fees comes into effect

Cuirfidh Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in OÉ Gaillimh, MA Cleachtas Gairmiúl sna Meáin ar fáil ó Mheán Fhomhair 2018. Beidh sé ar fáil ar bhonn lánama agus go páirtaimseartha.

Tá Meamram Comhthuisceana sínithe idir OÉ Gaillimh agus RTÉ chun clár nua MA sa Chleachtas Gairmiúil sna Meáin a chur ar fáil, le béim ar an bhfoghlaim phraiticbunaithe trí mhéan na Gaeilge i stiúideonna éagsúla de chuid RTÉ.

Clár léinn nuálach agus solúbtha é seo ina bhfuil meascán den staideár acadúil ar líne agus tréimhsí suntasacha i mbun taithí oibre phraiticbhunaithe in RTE san iriseoireacht, sa chraoltóireacht agus i gcruthú ábhair don raidió, don teilifís, agus d’ardáin éagsúla ar líne.

Beidh na mic léinn ag foghlaim in OÉ Gaillimh; in aonaid Ghaeilge de chuid RTÉ i nDomhnach Broc; agus i stiúideonna réigiúnacha i gConamara agus i gceantair Ghaeltachta eile.

“Tá RTÉ thar a bheith sásta a bheith i mbun comhpháirtíochta le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh sa togra suntasach seo,” a dúirt Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, Rónán Mac Con Iomaire.

“Is sprioc ar leith í ag RTÉ an chéad ghlúin eile de chraoltóirí na Gaeilge a fhorbairt agus a thabhairt chun cinn, agus tá muid á dhéanamh sin i gcomhar le hOÉ Gaillimh ar bhealach nach bhfuil feicthe in aon institiúid triú leibhéal in Éirinn go dtí seo,” a dúirt sé.

Dúirt stiúrthóir an chláir, an Dr Uinsionn Mac Dubhghaill, go mbeadh tionchar mór ag céimithe an chláir ar na meáin in Éirinn sna blianta atá romhainn.

“Lena mheascán tomhaiste den staidéar teoiriciúil ar na méain chumarsáide agus den fhoghlaim phraiticbhunaithe, tá an clár léinn seo ag leanacht an chleachtais is fearr go hidirnáisiúnta in oideachas na meán,” a dúirt sé.

“Tá an clár léinn ag freastal ar éilimh ó mhic léinn ar chláir iarchéime a bhfuil naisc láidre acu le fostóirí agus leis an margadh. Tá sé ag teacht dá réir leis na moltaí sa Final Report in respect of Strategy for the Development of Skills for the Audiovisual Industry in Ireland, a d’fhoilsigh na comhairleoirí Crowe Horwath i mBealtaine 2017.”

Is féidir dul go https://www.nuigalway.ie/acadamh/cursai/cursai_iarchéime/ma_cleachtas_gairmiuil_meain/#course_outline chun imlíne an chláir a fheiscint.