Litir Grá don Gaeilge ag Láithreoir TG4 mar chuid de Sheoladh Clár Imeachtaí Bhliain na Gaeilge

0
1149
Litir seolta mar chuid do seoladh oifigiúl tarna leath do Bhliain na Gaeilge

Litir grá don Gaeilge ag láithreoir TG4, cheann dos na litreacha grá a sheoladh inné mar chuid de sheoladh chlár imeachtaí Bhliain na Gaeilge.

Inné sheol an Aire Stáit agus Príomh-aoire an rialtas Joe McHugh TD an dara chlár imeachtaí de chuid Bhliain na Gaeilge i nGleann Cholm Coille, Co. Dún na nGall. Ar an lá seoladh litir grá don Gaeilge a bhí ag láithreoir TG4 Micheál Ó Ciaraidh agus pearsantaí eile.
https://www.facebook.com/gaeilge2018/photos/pcb.1782609501775678/1782601581776470/?type=3&theater

 

Mheabhraigh an tAire Stáit don lucht éisteachta gurb é an Taoiseach Leo Varadkar a dhein an seoladh oifigiúil ar Bhliain na Gaeilge 2018 ag deireadh na bliana seo caite, rud a léiríonn tiomantas an Rialtais don Ghaeilge agus don bhliain speisialta seo chun teanga dúchais na hÉireann a chur i lár an aonaigh, sa bhaile agus thar lear.

Labhair an tAire Stáit faoin cheangal idir Bhliain na Gaeilge 2018 agus an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus an sprioc comónta chun úsáid agus eolas ar an nGaeilge a mhéadú de réir a chéoile. Sa comhthéacs sin, threisigh sé go bhfuil ról criticiúil ag an phobal féin i ndáil le todhchaí na Gaeilge.

Rinne sé tagairt don chlár breá d’imeachtaí agus tograí a eagraíodh sa chéad leath den bhliain agus dúirt sé go mbeidh clár leathan ar fáil don dara leath don bhliain freisin.

“Is liosta le háireamh é na roghanna atá ar fáil, idir béarbaiciúnna, ceardlanna, féilte, drámaí, filíocht, siúlóidí, léachtaí, turais stairiúla, ceolchoirmeacha, picnicí, ranganna céilithe, draíocht agus open mic,” a dúirt an tAire Stáit.

Labhair sé faoin ócáid mhór Ceiliúradh 125 Bliain a bheidh ar siúl i gceanncheathrú Chonradh na Gaeilge ar an 31 Iúil agus faoin láthair champála oifigiúil do na Gaeil a bheidh ar fáil don chéad uair riamh ag Electric Picnic i gContae Laoise.

Ag féachaint ar an chlár atá leagtha amach de réir míosa d’aimsigh sé féidearthachtaí suimiúla eile ar nós ceardlann cócaireachtai gCiarraí, ióga i nDoire, tráth na gceist i Nua Eabhrac, gearrscannán sa Ghearnáin, oíche airnéail i nGlaschu agus carúil na Nollag i Washington.

Thug an tAire Stáit McHugh ardmholadh do Chonradh na Gaeilge agus d’Fhoras na Gaeilge atá ag comhoibriú le páirtnéirí eile ar nós Údarás na Gaeltachta, RTÉ, TG4 agus a Roinn féin chun an fhís do Bhliain na Gaeilge 2018 a bhaint amach.

Mar chlabhsúr, d’impigh an tAire Stáit ar an lucht éisteachta an dea-scéal maidir leis an Ghaeilge a scaipeadh.

“Is linne an teanga agus beatha teanga í a labhairt. Is féidir linn difríocht mhór a dhéanamh má thapaíonn muid an deis le linn Bhliain na Gaeilge le bheith níos gníomhaí ó thaobh na teanga agus le daoine breise a spreagadh chun ár dteanga dhúchais a labhairt fosta.”

Tá tuilleadh eolais agus an clár don dara leath den bhliain ar fáil anseo.