Láthair Oifigiúil Champála Gaeltachta ag Electric Picnic i mbliana

0
888
Láthair Campála Gaeltachta

Don chéad uair riamh beidh láthair oifigiúil champála Gaeltachta ag Electric Picnic mar chuid de Bhliain na Gaeilge.

Seo é an chéad bhliain a bheas láthair oifigiúl chámpála Gaeltachta ag Electric Picnic agus beidh spás ann do 200 duine. Sa gceantar campála nua seo b’í an Ghaeilge a bheas mar phríomhtheanga labhartha na n-áitritheoirí.

Inniu, maidin Dé Máirt 24ú Iúil ag 10r.n. osclóidh clárúchán don láthair – bígí réidh, tá líon teoranta spásanna ann!

Is céiliúradh í Bliain na Gaeilge 2018 ar 125 bliain ó cuireadh tús le h-athbheochan na Gaeilge, cúis den scoth le spás faoi leith a chruthú dos na Gaeilge ag an bhféile cheoil is mó sa tír.

Bliain na Gaeilge sa Chollchoill…

“Éist le manglam ceoil thraidisiúnta agus comhaimseartha ón ardán óna 7.i.n – 12r.n., lig scíth sa gcaifé agus beár ina mbeidh freastalaithe le Gaeilge, ‘s téamh bhur ngéaga fuara istoíche cois tine i measc na bhfilí, na scéalaithe agus na n-amhránaithe a cruinneoidh sna coillte ar imeall phríomhláthair na féile.

“Beidh deis agaibh freisin bhur scéalta féin a roinnt agus sibh ar bhur sáimhín só i gcúinne Raidió Rí-Rá, a bheidh ag craoladh beo ón láthair.

Beidh filí REIC agus an scéalaí Aindrias de Staic ag treorú fánaithe tríd an oíche, agus á gcur faoi gheasa le ceol álainn agus bannaí spleodracha – Scannal, Seo Linn, Lauren Ní Chasaide, Liam O’ Connor, Just Like Us, Dó Fá Dó, agus neart eile ina measc.

I mbliana beidh Electric Picnic ar siúl ar an 31ú Iúil – 2ú Meán Fomhair i Halla Sráidbhaile, Co Laois.

Más mian libh bheith sa gcampa oifigúil Ghaeltachta, ní mór daoibh áit a chur in áireamh inniu mar níl mórán spásanna ann.

Is féidir d’áit a chur in áireamh ag an nasc seo agus ansin beidh sibh in ann sult a bhaint as an deireadh seachtaine i measc na Gaeil ar fad eile a bheas ann.