Léacht á thabhairt ag an Dr Francesca La Morgia inniu

0
771
Francesca La Morgia

Beidh léacht á thabhairt ag an Dr Francesca La Morgia inniu maidir le tógaint clainne dátheangach.

Beidh an léacht ar siúl i Leabharlann Westside inniu ag a 2i.n. áit a bheas an Dr Francesca La Morgia ag caint faoi tógaint clainne dátheangach agus í ag freagairt na ceisteanna a bhaineann le sin.

Beidh sé ag tabhairt freagra do chuid dos na cheisteanna seo a leanas:

  • Cén fáth go mian leanaí dátheangach tógtha le teanga amháin thar an cheann eile?
  • Conas ar féidir liom cabhairt a thabhairt do mo leanbh dhá theanga a fhorbairt ag an am chéanna?
  • Cé comh fada is a tógfaidh sé do mo pháiste an teanga scoile a fhoghlaim?
  • An bhfuil sé ró-dhéanach chun mo mháthair-teanga a labhairt le mo pháiste.

Beidh an Dr Francesca La Morgia ag tabhairt freagraí dos na cheisteanna seo agus í ag tabhairt eolas maidir le aon ní eile a bheidh ag chuir isteach ar na tuistí.

Ta an Dr. Francesca La Morgia ina Ollamh Cúnta sa Roinn Staidéar Urlabhra agus Teanga i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, agus tá an-chuid taighde déanta aici ó 2006 ar cheist an dátheangachais agus an ilteangachais.

Tá an Dr. La Morgia ag rith ceardlanna do clainne dátheangacha, múinteoirí agus daoine proifisiúnta eile le deich bliana anuas agus i 2017 bhunaigh sí Máthair Teangacha chun na ceardlanna agus ranga seo a thabhairt chuig lucht féachanna níos leithne.

Beidh an léacht ar siúl inniu ag 2i.n. i Leabharlann Westside agus i rith an cainte beidh Julie Anne de Brún i mbun seisiún spraoi, ceoil agus ceardaíochta leis na leanaí fad is a bheith an Dr. Francesca La Morgia ag labhairt leis na tuistí.