Leabhar Gaeilge ar son pháistí á sheoladh sa chathair maidin amárach.

0
916
Leabhar nua á sheoladh amárach - Galway Daily

Beifear ag seoladh leabhar Gaeilge ar son pháistí sa chathair maidin amárach.

I Siopa Leabhair Dubrary ar Sráid na Siopaí amárach, Déardaoin an 8ú Samhain a bheas an leabhar de chuid Futa Fata (teach foilsitheoireachta ar An Spidéal) á sheoladh.

Beidh seisiún spraíúil ann amárach Déardaoin an 8ú Samhain ag a 10r.n. le grúpa scoláirí ó Scoil Iognáid ach táthar ag cur fáilte roimh an phobal freisin más mian leo bualadh isteach go Dubrary don seoladh oifigiúl.

“Tá ríméad ar Futa Fata fáilte mhór isteach a chur roimh Julia Donaldson agus Alex Scheffler tigh Futa Fata. Ar ndóigh, ní gá ceachtar den dá laoch seo i saol na bpictúrleabhar a chur i láthair, agus an saothar éachtach atá curtha i gcrích as lámh a chéile acu saothar atá ar fáil i mbreis agus dhá scór teanga ar fud na cruinne.

“Is sa bhliain 1993 a chur siad tús lena gcaidreamh proifisiúnta den leabhar álainn seo, A Squash and a Squeeze. Ó shin i leith tá breis is fiche leabhar foilsithe acu le chéile.

“Tá A Squash and a Squeeze ag céiliúradh 25 bliain ar an bhfód i mbliana agus mar chuid den chéiliúradh sin bheartaigh Futa Fata leagan Gaeilge den leabhair aitheanta seo a fhoilsiú faoin teideal Mo Theachín gan Chuma gan Chaoi.

“D’aon duine a bhfuil eolas acu ar saothar Julia Donaldson beidh a fhios acu gur i véarsaíocht a chumann sí a chuid scéalta den chuid is mó – go deimhin is mar chumadóir amhrán a thosaigh sí amach i saol na cruthaitheachta. Dúshlán a bhí ann don aistritheoir, Tadhg Mac Dhonnagáin, leagan véarsaíochta Gaeilge a réiteach. Ach tá taithí leathan ag Tadhg féin ar an gcumadóireacht agus bhain sé an-sásamh as a leagan féin den scéal a réiteach.

“Agus an tír ag céiliúradh Bhliain na Gaeilge, Julia agus Axel ag céiliúradh a dteacht le chéile 25 bliain ó shin tá ábhar céilúrtha ag Futa Fata leis an gcéad chomheagrán seo de shaothar cumadóra agus ealaíontóra a bhfuil draíocht ar leith ag baint leo.

Beidh an leabhar seo Mo Theachín gan Chuma gan Chaoi ar fáil go náisiúnta i siopaí maithe leabhar agus ar líne ag www.futafata.ie RRP €9.95.

Cuireann Futa Fata fáilte roimh cách buaileadh isteach go dtí an seoladh oifigiúl a bheas ar siúl maidin amárach 8ú Samhain ag a 10r.n i Siopa Leabhair Dubrary, Sráid na Siopaí.